Cork County Council Announces €1.8 million Fund for Community and Voluntary Groups (Bilingual)

Following a challenging year for the community and voluntary sector, Cork County Council is delighted to announce funding to the value of over €1.8million to support local communities in 2021. The Council’s Community Fund Scheme provides financial support to a range of groups and organisations right across the county and will open for applications on Monday, January 11th.

The scheme is administered locally by the Council’s eight Municipal Districts and provides financial assistance to a wide variety of community, sporting and voluntary organisations under three distinctive fund types; the Capital Fund, Community Contract and the Amenity Fund. Each year, these funding schemes support a range of projects and initiatives, such as supporting the work of Tidy Towns groups and Community Associations, as well as providing much needed assistance for local infrastructural works and sports and leisure facilities.

Mayor of the County of Cork, Cllr. Mary Linehan Foley, welcomed the announcement of the 2021 fund, noting that Cork communities have demonstrated huge resilience and innovation over the past year,

“I am continually impressed by the works carried out by community groups under this scheme. The Council’s Community Fund supports many worthwhile projects and initiatives every year and I am delighted to announce that this support will continue in 2021. This year’s fund will be a lifeline to many groups, following the many challenges that the Covid-19 pandemic has posed for our communities”.

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey, noted that this is Cork County Council’s seventh year providing the Community Fund Scheme,

“In 2021 we are making over €1.8million available to communities through our General Municipal Allocation. Cork County Council’s annual commitment to supporting community and voluntary groups across the county has never been more important. I am delighted to confirm that despite the challenges of Covid-19, we are able to continue to provide significant financial support to our communities this year and in doing so, a welcome boost for our towns and villages”.

Application details and guidelines for the scheme will be available online at www.yourcouncil.ie from Monday January 11th 2021 and will close at 4pm on Friday February 19th 2021. Further information is available in the Guidelines for The 2021 Community Fund.

*************************************************************************************************************************************************

Tar éis bliain dhúshlánach don earnáil phobail agus deonach, tá ríméad ar Chomhairle Contae Chorcaí maoiniú ar luach os cionn €1.8 milliún a fhógairt chun tacú le pobail áitiúla in 2021. Soláthraíonn Scéim Chiste Pobail na Comhairle tacaíocht airgeadais do raon grúpaí agus eagraíochtaí ar fud an chontae agus osclófar an tréimhse iarratais ar an Luan, 11ú hEanáir.

Tá an scéim á riaradh go háitiúil ag Ceantair Bhardasacha na Comhairle agus soláthraíonn sí cúnamh airgeadais do réimse leathan eagraíochtaí pobail, spóirt agus deonacha fé thrí chineál ciste sainiúla; an Ciste Caipitil, an Conradh Pobail agus an Ciste Taitneamhachta. Gach bliain, tacaíonn na scéimeanna maoinithe seo le raon tionscadal agus tionscnamh, mar shampla - tacú le hobair ghrúpaí Bailte Slachtmhara agus Cumainn Phobail, chomh maith le cúnamh a bhfuil géarghá leis a sholáthar d’oibreacha bonneagair áitiúla agus d’áiseanna spóirt agus fóillíochta.

D'fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Mary Linehan Foley roimh an bhfógra fé chiste 2021, ag tabhairt fé deara gur léirigh pobail Chorcaí athléimneacht agus nuálaíocht ollmhór le bliain anuas,

“Táim ana-thógtha leis na hoibreacha a dhéanann grúpaí pobail fén scéim seo i gcónaí. Tacaíonn Ciste Pobail na Comhairle le go leor tionscadal agus tionscnamh fiúntach gach bliain agus tá áthas orm a fhógairt go leanfaidh an tacaíocht seo ar aghaidh in 2021. Beidh ciste na bliana seo ina líne tharrthála do go leor grúpaí, tar éis na ndúshlán iomadúil a tharla le linn na paindéime"

Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey, fé deara gurb í seo an seachtú bliain ina sholáthar i gComhairle Contae Chorcaí an Scéim Ciste Pobail,

“In 2021 táimid ag cur os cionn €1.8 milliún ar fáil do phobail trínár Leithdháileadh Bardasach Ginearálta. Tá tiomantas bliantúil Chomhairle Contae Chorcaí chun tacú le grúpaí pobail agus deonacha ar fud an chontae níos tábhachtaí anois ná riamh. Tá an-áthas orm a dhearbhú, in ainneoin na ndúshlán a bhaineann le Covid-19, gur féidir linn leanúint de thacaíocht airgeadais shuntasach a sholáthar dár bpobail i mbliana agus tríd an maoiniú sin a dhéanamh, borradh fáilteach a thabhairt dár mbailte agus sráidbhailte ”.

Beidh sonraí iarratais agus treoirlínte na scéime ar fáil ar líne ag www.yourcouncil.ie ón Luan 11 Eanáir 2021 agus dúnfaidh siad ag 4in Dé hAoine 19ú Feabhra 2021. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil sna Treoirlínte do Chiste Pobail 2021.