Cork County Council Library & Arts Service show support on International Transgender Visibility Day

Marking International Transgender Visibility Day on March 31st, Cork County Council’s Library and Arts Services will be running a dedicated phone line from Library HQ to facilitate people with or awaiting a Gender Recognition Certificate in registering or changing their details to their preferred name and gender for their library account.

Council Library staff are facilitating a change of name for transgender people following awareness training by Gay Project and Gender Rebels Cork, who highlighted some of the difficulties faced by many transgender and gender diverse people on their journey, such as the costly and time consuming process of legally changing ones name and gender information.

Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan said, “Libraries can be one of the most important public spaces for people looking to learn, to connect with their community and to unwind. This latest move from Cork County Library and Arts Services will go a way towards ensuring that trans and gender diverse people can feel validated in their identity as they partake in the amazing benefits of library membership. This can include joining the LGTBQIA+ Virtual Bookclub or accessing the ever-expanding collection of LGBTQIA+ materials on offer throughout Cork County Libraries.”

Cork County Librarian Emer O’Brien said “Inclusivity is at the heart of the Cork County Council Library & Arts Service ethos. As part of this ethos, we are delighted to play our part in recognising International Transgender Visibility Day on the 31st of March and supporting the transgender and gender diverse community of Cork County.”

Library staff will be on hand to take calls throughout the day on March 31st at the dedicated phoneline 021-4285645

 


Tacaíocht ó Sheirbhís Leabharlainne & Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ar Lá Idirnáisiúnta um Infheictheacht Daoine Trasinscneacha.

Ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta um Infheictheacht Daoine Trasinscneacha ar an 31 Márta, beidh líne ghutháin tiomnaithe á rith ag Seirbhísí Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ó Cheanncheathrú na Leabharlainne chun cabhrú le daoine a bhfuil Teastas Aithint Inscne acu, nó atá ag feitheamh ar cheann,  le clárú leis an leabharlann  nó chun a gcuid sonraí a athrú chuig a n-ainm agus inscne roghnaithe féin dá gcuntais leabharlainne.

Tá foireann Leabharlann na Comhairle ag éascú le hathrú ainm do dhaoine trasinscne tar éis oiliúint feasachta a fháilt ó Gay Project agus Gender Rebels Cork, a leag béim ar chuid de na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag go leor daoine trasinscne agus inscne-éagsúil ar a dturas, mar an próiseas costasach agus am-íditheach a bhíonn ann chun ainm duine agus faisnéis inscne a athrú go dleathach.

Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Gillian Coughlan, “Is féidir le leabharlanna a bheith ar cheann de na spásanna poiblí is tábhachtaí do dhaoine atá ag iarraidh foghlaim, chun teagmháil a dhéanamh lena bpobal agus le bheith ag ligint a scíth. Cabhróidh an t-aistriú is déanaí seo ó Sheirbhísí Leabharlainne agus Ealaíon Chontae Chorcaí chun a chinntiú gur féidir le daoine trasinscne agus inscne-éagsúil a mhothú go bhfuil siad bailí ina bhféiniúlacht agus iad ag glacadh páirte sna buntáistí iontacha a bhaineann le ballraíocht leabharlainne. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo dul isteach i gClub Leabhar Fíorúil LGTBQIA+ nó rochtain a fháil ar an mbailiúchán ábhar LGBTQIA+ atá ar fáil ar fud Leabharlanna Contae Chorcaí atá ag méadú i gcónaí.”

Dúirt Leabharlannaí Chontae Chorcaí Emer O’Brien “Tá cuimsitheacht ag croílár éiteas Sheirbhís Leabharlainne & Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí. Mar chuid den éiteas seo, tá an-áthas orainn ár bpáirt a ghlacadh chun Lá Idirnáisiúnta um Infheictheacht Daoine Trasinscneacha a aithint ar an 31 Márta agus tacú le pobal trasinscneach agus inscne éagsúil Chontae Chorcaí.”

Beidh foireann tiomnaithe na Leabharlainne ar fáil chun glacadh le glaonna  i rith an lae ar 31 Márta ag an líne ghutháin tiomnaithe 021-4285645.