Cork County Council Project to Take a Closer Look at Cork’s Heritage Monuments

Christóir Ó Luasaigh memorial Béal Átha n'Ghaorthaidh a marble Celtic Cross

Cork County Council has launched a new project to audit and record memorials across the county as part of the Decade of Centenaries programme. The project aims to enhance knowledge of the revolutionary period in Cork from 1912 to 1923 and create a powerful resource to interpret how events of a century ago have been remembered ever since.

Mac Conmara Heritage Consultants, experts in the fields of heritage, commemoration and oral history have been appointed by Cork County Council’s Commemorations Committee to carry out the project. They will develop a master database containing contextual, geographical, historical, and cultural descriptions of identified memorials.

The project will document memorials commemorating the War of Independence and the Civil War but also lesser-known sites and socially relevant events, such as the vote for women in 1918, which will build and add to the excellent research already undertaken in the area of commemoration across County Cork. The project will reach out to a wide variety of groups, including historical societies, community groups, Churches, political parties, An Garda Síochána, the Defence Forces and organisations such as the National Graves Association.

Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan welcomed the project, saying, “It is a wonderful initiative that will enhance our understanding of the revolutionary period in Cork. The years from 1912 to 1923 were a defining period of our history, informing who we are as a nation today. The audit sets out to be inclusive, while also recognising that we cannot ignore differences and divisions that existed within our county during that time. There are monuments and memorials to key people and events from a century ago in almost every village, town and parish in County Cork. This project plays an important role in ensuring that these monuments and the events of 100 years ago will not be forgotten.”

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey hopes that local communities will get involved in the project highlighting how, “Cork County Council staff, members of the public, local history societies, churches and community groups will be invited to submit details on sites for consideration and inclusion within the audit. These people and groups have expert local knowledge that is vital to this project and they will be liaised with throughout the process. We want to capture as much information as possible about monuments, both significant and the lesser known.”

The project is supported by Cork County Council and the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport & Media, under the Decade of Centenaries 2012 - 2023 initiative. For more information or to request a survey record sheet please email: commemorations@corkcoco.ie.


Tá tionscadal nua seolta ag Comhairle Contae Chorcaí ar mhaithe le cuimhneacháin a iniúchadh agus a thaifeadadh ar fud an chontae mar chuid de chlár Deich mBliana na gCuimhneachán. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal ár n-eolas a fheabhsú fén tréimhse réabhlóideach i gCorcaigh ó 1912 go 1923 agus acmhainn chumhachtach a chruthú chun léirmhíniú a dhéanamh ar an gcaoi a dheineamar cuimhneacháin ar na himeachtaí a tharla céad bliain ó shin.

Tá Mac Conmara Heritage Consultants, saineolaithe i réimsí na hoidhreachta, an chuimhneacháin agus na staire béil, ceaptha ag Coiste Cuimhneacháin Chomhairle Contae Chorcaí chun an tionscadal seo a chur i gcrích. Forbróidh siad máistir-bhunachar sonraí ina mbeidh tuairiscí comhthéacsúla, geografacha, stairiúla agus cultúrtha ar leachtanna cuimhneacháin agus séadchomharthaí sainaitheanta.

Déanfaidh an tionscadal doiciméadú do na cuimhneacháin ag comóradh Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, ag tógaint suíomhanna san áireamh nach bhfuil a oiread sin clú orthu chomh maith le himeachtaí atá ábhartha go sóisialta, cearta vótála do mhná in 1918 mar shampla, rud a chuirfidh leis an taighde iontach a deineadh cheana i réimse an chomóraidh ar fud Chontae Chorcaí. Déanfaidh an tionscadal teangmháil le réimse leathan grúpaí, lena n-áirítear cumainn staire, grúpaí pobail, Eaglaisí, páirtithe polaitiúla, An Garda Síochána, na Fórsaí Cosanta agus eagraíochtaí mar Chumann Uaigheann na Laochra Gael.

D’fháiltigh Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Gillian Coughlan,  roimh an tionscadal, ag rá, “Is tionscnamh iontach é a chuirfidh lenár dtuiscint ar an tréimhse réabhlóideach i gCorcaigh. Tréimhse shainiúil dár stair ab ea an tréimhse idir 1912 agus 1923, ag cur in iúl dúinn cé sinne mar náisiún anois. Tá sé mar aidhm ag an iniúchadh a bheith ionchuimsitheach, agus aithint ag an am céanna nach féidir linn neamhaird a dhéanamh ar dhifríochtaí agus na scoilteanna a bhí ann inár gcontae le linn na tréimhse sin. Tá séadchomharthaí agus cuimhneacháin  in onóir do dhaoine agus imeachtaí lárnacha céad bliain ó shin le feiscint i mbeagnach gach sráidbhaile, baile agus paróiste i gContae Chorcaí. Tá ról tábhachtach ag an tionscadal seo lena chinntiú nach ndéanfar dearmad ar na séadchomharthaí seo agus ar imeachtaí 100 bliain ó shin. "

Tá súil ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey go nglacfaidh pobail áitiúla páirt sa tionscadal, agus dúirt sé an méid seo , “Tabharfar cuireadh d’fhoireann Chomhairle Contae Chorcaí, baill den phobal, cumainn staire áitiúla, na heaglaisí agus grúpaí pobail araon chun sonraí a chur isteach maidir le suíomhanna éagsúla, le bheith breithnithe agus cuimsithe mar chuid den iniúchadh. Tá saineolas áitiúil ag na daoine agus na grúpaí seo atá ríthábhachtach don tionscadal agus beifear i dteangmháil leo le linn an phróisis. Ba mhaith linn an oiread faisnéise agus is féidir a bhailiú maidir le séadchomharthaí, idir chinn suntasach agus iad siúd nach bhfuil a oiread sin clú orthu. "

Áireofar cuimhneacháin, dealbha agus plaiceanna falla, chomh maith le hinscríbhinní eaglaise, nuair is ábhartha. Déanfar comharthaí uaighe a dhoiciméadú chomh maith, áit a bhfuil tagairt shoiléir ann . Cuimseoidh an bunachar sonraí faisnéis fé gach cuimhneachán, lena n-áirítear cé agus cad a chuimhníonn sé, cé a thóg é agus cén fáth, agus faisnéis mhionsonraithe faoina mbail agus a shuíomh. Le himeacht aimsire, cruthófar léarscáil idirghníomhach le ligean do mhuintir Chontae Chorcaí agus níos faide i gcéin teangmháil a dhéanamh lena stair ar bhealach taitneamhach idirghníomhach.

Faigheann an tionscadal seo tacaíocht ó Chomhairle Contae Chorcaí agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & na Meán, fén tionscnamh Deich mBliana na gCuimhneachán 2012 - 2023. Le haghaidh tuilleadh faisnéise nó chun bileog thaifid suirbhé a fháil seol ríomhphost chuig: commemorations@corkcoco.ie.