Cork County Council’s Library Service Seek Artists and Writers to Celebrate Seachtain na Gaeilge

Cork County Council’s Library and Arts Service has announced two competitions to mark Seachtain na Gaeilge which takes place from the 1st to the 17th of March this year.

Seachtain na Gaeilge is always a special time of year at Cork County Council’s Library and Arts Service when Irish language and culture is highlighted and celebrated. This year, the Library Service is inviting artists and writers of all ages to show both your love of the Irish language and your fondness for your local library. 

The written competition invites entries describing what your library means to you in fifty or fewer words as Gaeilge. The competition will have two age categories, one for 13-18 year olds and another for adults aged over 18. 

The art competition with a special focus on the Irish language will invite children to think of their favourite Irish word about the countryside and create a drawing to illustrate their idea. There are three age categories, one for 4-6 year olds, one for 7-9 year olds and another for 10-12 year olds.

Welcoming the call for entries, Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan said, 

“These competitions are a great way in which to invite creativity as part of our celebration of the Irish language. Our Library and Arts Service has played such an important part in so many of our lives over the past two years. I know there are many new members who have only recently discovered the range of services provided by the library network in Cork County. There are also those who value more than ever their connection with their local library.  I look forward to reading their insights and seeing lots of fantastic illustrations of everyone’s favourite bláthanna agus ainmhithe, sléibhte agus lochanna.”

Entry forms for the children’s competition can be collected from your local branch and will also be emailed to primary schools. All entries should be returned to your local branch by close of business on Friday 25th March. 

Entries for the written competition can be submitted to your local branch or emailed to corkcountylibrary@corkcoco.ie with your name, age and contact details.

Prizes will include Irish language books and book tokens. 

Follow Cork County Council Library and Arts Service on social media during Seachtain na Gaeilge from 1st March to the 17th for story-times as Gaeilge and other fun activities to celebrate the Irish language.


Ealaíontóirí agus Scríbhneoirí á lorg ag Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chorcaí chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.

Tá dhá chomórtas fógartha ag Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh,  a bheidh ar siúl ón 1ú go dtí an 17ú Márta.

Is tráth speisialta den bhliain í Seachtain na Gaeilge do Sheirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí i gcónaí nuair a chuirtear béim ar an nGaeilge agus ar an gcultúr agus nuair a dhéantar ceiliúradh orthu. I mbliana, tá an tSeirbhís Leabharlainne ag tabhairt cuireadh d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí de gach aois a ngrá don Ghaeilge agus don leabharlann áitiúil a léiriú.

Tugann an comórtas scríofa cuireadh d’iontrálacha cur síos a dhéanamh ar cad a chiallaíonn do leabharlann duitse i gcaoga focal nó níos lú as Gaeilge. Beidh dhá chatagóir aoise ag an gcomórtas, ceann do dhaoine 13-18 mbliana d’aois agus ceann eile do dhaoine fásta os cionn 18 mbliana d’aois.

Chomh maith leis sin tá comórtas ealaíne le fócas speisialta ar an nGaeilge a thugann cuireadh do pháistí smaoineamh ar an bhfocal Gaeilge is fearr leo a bhfuil bainteach leis an tuath agus líníocht a dhéanamh lena smaoineamh a léiriú. Tá trí chatagóir aoise ann, ceann amháin do pháistí 4-6 bliana d’aois, ceann do pháistí 7-9 mbliana d’aois agus ceann eile do pháistí 10-12 bliana d’aois.

Ag fáiltiú roimh an iarratas ar iontrálacha, dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan,

“Is bealach iontach iad na comórtais seo le bheith cruthaitheach inár gceiliúradh ar an nGaeilge. Bhí ról ana-thábhachtach ag ár Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon i gcuid mhór dár saol le dhá bhliain anuas. Tá a fhios agam go bhfuil go leor ball nua ann nach bhfuil ach le déanaí tar éis teacht ar an raon leathan seirbhísí a chuireann líonra na leabharlann ar fáil i gContae Chorcaí. Tá daoine ann freisin a chuireann luach níos mó anois ná riamh ar a gceangal lena leabharlann áitiúil. Táim ag súil lena gcuid léargais a léamh agus go leor léaráidí iontacha de na bláthanna, ainmhithe, sléibhte agus lochanna is fearr le gach éinne a fheiscint.”

Is féidir foirmeacha iontrála do chomórtas na bpáistí a bhailiú ó do leabharlann áitiúil. Bhíodar seolta chuig na bunscoileanna trí r-phost  chomh maith. Ba chóir gach iontráil a sheoladh thar n-ais chuig do leabharlann áitiúil roimh am scoir gnó ar an Aoine 25 Márta.

Is féidir iontrálacha don chomórtas scríofa a chur isteach chuig do leabharlann áitiúil nó ríomhphost a sheoladh chuig corkcountylibrary@corkcoco.ie le d’ainm, aois agus sonraí teagmhála.

I measc na nduaiseanna beidh leabhair Ghaeilge agus leabharmharcanna.

Lean Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ar na meáin shóisialta le linn Sheachtain na Gaeilge ón 1 Márta go dtí an 17ú le haghaidh amanna scéalaíochta as Gaeilge agus imeachtaí spraíúla eile a bheidh ar bun chun an Ghaeilge a cheiliúradh.