€450,000 Cultural Boost for West Cork Islands €450,000 chun Borradh Cultúrtha a chur faoi Oileáin Iarthar Chorcaí

West Cork and it’s seven Island communities are set to benefit from a three-year €450,000 programme to develop and sustain new creative opportunities for all age groups, through the Arts Council’s ‘Creative Places Programme’.

‘The Creative Places, West Cork Islands’ programme is an innovative development and community engagement project that will be rolled out over a three-year period on Bere Island, Dursey Island, Whiddy Island, Heir Island, Long Island, Oilean Chleire and Sherkin Island. The programme aims to strengthen existing local contemporary and traditional arts practice and create long-term community-led engagement in the arts.

Reacting to the announcement, Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan said,

“We are delighted to receive a ‘Creative Places’ designation for West Cork and its inhabited Islands.  Our island communities are very important to us in Cork County Council.  Although, our Islands may be subject to certain economic pressures and are more remote in terms of geography, they are also innovative and resilient.  The Arts Council’s commitment to sustain investment through the Creative Places Scheme over a three-year period will allow the necessary time to develop and deliver a range of initiatives to support sustainable artist and community engagement on each of these islands. Cork County Council has undertaken a considerable amount of Arts development work in West Cork and on the islands and this ‘Creative Places’ award will enable us to work with our local partners to bring this work to an entirely new level.”

Cork County Council is heading a consortium of local arts and development agencies that includes Bere Island Projects Group, Sherkin Island Development Society, Comharchumann Chléire and Uillinn: West Cork Arts Centre.

The programme’s ambitions include strengthening the interconnectedness of the islands, supporting creative community engagement with climate adaptation & digital technology and giving expression to what it is to be an islander focusing on the lived experience of inhabitants, which is governed to a large extent by nature, tides, weather and climate change.

Ann Davoren , Director at Uillinn: West Cork Arts Centre said , “As an organisation concerned with the development of the arts in rural areas, and with issues of access to, and participation in, the arts for all sectors of society, Uillinn: West Cork Arts Centre is delighted to be a key partner in Creative Places: The West Cork Islands. The project is focused on building capacity in the arts, in socially engaged practice, in extending the range of, and embedding, creative opportunities for island communities and in so doing, to underpin the capacity for living in remote and rural island and coastal environments.”

Aisling Moran, Community Development Co-ordinator with Sherkin Island Development Society noted that “This funding will build skills, create links both inter island and inter-generational. It will bring us all together to have the opportunity to create something new and exciting. The West Cork Islands have a lot to offer and we are looking forward to learning, creating and sharing this project with everyone. We are very grateful to the Arts Council and Cork County Council for supporting the application.”

A key part of this programme will be creating opportunities for artists and communities to work together through socially engaged practice that positively impacts on islanders' ongoing cultural participation and the preservation & promotion of unique island cultures.

John Walsh Manager of Bere Island Projects Group expressed his delight to hear that the West Cork Islands have been chosen to be a ‘Creative Place’, “This project has the potential to make the islands off West Cork creative places for our communities and for national and international artists.  We look forward to working with our other partners and the County Council on this exciting development”

Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir, Comharchumann Chléire Teoranta said, “We welcome the support through this long-term investment, which gives recognition to the work that has been ongoing to develop the West Cork Islands as centres of arts and culture.  As a partner in this project I feel that it will provide a wonderful range of opportunities for community participation in the development of arts infrastructure for the future.

Director of the Arts Council, Maureen Kennelly said, “We are delighted to be significantly investing in these places in this focused manner. It is very important to us that public investment in the arts reaches and benefits more people in a sustained and meaningful way. We look forward to seeing the ambitious new projects that these inspiring communities create together, and we are excited by the prospect of supporting them to celebrate and animate new places.”

For further information, contact Cork County Council’s Arts Office at arts@corkcoco.ie.

 

€450,000 chun Borradh Cultúrtha a chur faoi Oileáin Iarthar Chorcaí

Tá Iarthar Chorcaí agus na seacht bpobal oileánda ann chun tairbhe a bhaint as clár trí bliana de chuid na Comhairle Ealaíon ar fiú €450,000 é. 'Áiteanna Ildánacha' a thugtar ar an gclár seo a dhéanfaidh deiseanna nua cruthaitheachta a fhorbairt agus a chothú don uile aoisghrúpa.

Is tionscadal nuálach forbartha agus rannpháirtíochta sa phobal é an clár 'Áiteanna Ildánacha, Oileáin Iarthar Chorcaí' a chuirfear i bhfeidhm de réir a chéile thar thréimhse trí bliana ar an Oileán Mór, Oileán Baoi, Oileán Faoite, Inis Uí Drisceoil, Inis Fada, Oileán Chléire agus Inis Arcáin. Is é is aidhm leis an gclár na healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha atá á gcleachtadh sna háiteanna sin cheana féin a neartú agus na dálaí a chruthú le go mbeidh rannpháirtíocht sna healaíona faoi stiúir an phobail san fhadtéarma.

Ag labhairt di faoin bhfógra dúirt an Comhairleoir Gillian Coughlan, Méara Chontae Chorcaí, go bhfuil “ríméad orainn go bhfuil Iarthar Chorcaí agus na hoileáin a bhfuil cónaí orthu ann ag fáil aitheantais mar 'Áiteanna Ildánacha'. Tá ár bpobail oileánda an-tábhachtach dúinn i gComhairle Contae Chorcaí. Cé go bhfuil ár n-oileáin faoi bhrú áirithe eacnamaíoch agus iargúlta ó thaobh tíre de, tá teacht aniar iontu agus nuálaíocht chomh maith. De bharr tiomantas na Comhairle Ealaíon do bheith ag coinneáil infheistíochta sa Scéim Áiteanna Ildánacha thar thréimhse trí bliana, beidh dóthain ama againn chun réimse tionscnamh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a thacóidh le buanú rannpháirtíocht an phobail sna healaíona ar gach ceann de na hoileáin sin. Tá Comhairle Contae Chorcaí tar éis cuid mhaith obair forbartha ealaíon a dhéanamh in Iarthar Chorcaí agus ar na hoileáin, agus de thairbhe na dámhachtana seo ‘Áiteanna Ildánacha’ beimid ábalta oibriú go dlúth lenár gcomhpháirtithe áitiúla chun barr feabhais a bhaint amach san obair sin.”

Tá Comhairle Contae Chorcaí i gceannas ar chuibhreannas de ghníomhaireachtaí forbartha agus ealaíon áitiúla, lena n-áirítear Grúpa Tionscadal an Oileáin Mhóir (Bere Island Projects Group), Cumann Forbartha Inis Arcáin (Sherkin Island Development Society), Comharchumann Chléire agus Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí.

Féachann an clár leis an dlúthnasc idir na hoileáin a neartú agus le tacaíocht a thabhairt do thograí cruthaitheacha rannpháirtíochta sa phobal a chuimhníonn ar an oiriúnú aeráide agus ar theicneolaíocht dhigiteach, agus a chuireann mianach agus eispéireas an oileánaigh i láthair, ag díriú isteach ar thaithí saoil na n-oileánach agus iad faoi réir cuid mhór ag cora crua na haimsire agus na taoide, ag an nádúr agus ag an athrú aeráide.

 

Dúirt Ann Davoren, Stiúrthóir Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí, go bhfuil “muid mar eagraíocht ag plé le forbairt na n-ealaíon i gceantair tuaithe agus le saincheisteanna maidir leis na healaíona a bheith ar fáil don uile dhuine sa tsochaí agus maidir lena rannpháirtíocht iontu, mar sin tá ríméad orainn gur príomh-chomhpháirtí muid in Áiteanna Ildánancha: Oileáin Iarthar Chorcaí. Tá an tionscadal dírithe ar acmhainn an phobail sna healaíona a mhéadú trí bheith ag obair go gníomhach agus go rannpháirtíoch leis an bpobal chun tuilleadh deiseanna le haghaidh cruthaitheachta ina ngnáthshaol laethúil a chruthú dóibh, rud a chuirfidh le cumas duine slí bheatha a bhaint amach sna hoileáin agus in áiteanna iargúlta tuaithe cois cósta.”

Dúirt Aisling Moran, Comhordaitheoir Forbartha Pobail le Cumann Forbartha Inis Arcáin: “De bharr an mhaoinithe seo, forbrófar scileanna agus cruthófar naisc idir na hoileáin agus na glúnta araon. Is deis é seo dúinn rud éigin nua agus spreagúil a chruthú a thabharfaidh le chéile muid mar phobal. Tá an-mhianach in Oileáin Iarthar Chorcaí agus táimid ag súil go mór le tuilleadh a fhoghlaim agus a chruthú agus leis an tionscadal seo a roinnt leis an saol. Táimid fíorbhuíoch den Chomhairle Ealaíon agus de Chomhairle Contae Chorcaí as a gcuid tacaíochta leis an iarratas.”

Cuid thábhachtach den chlár seo is ea go gcrúthófar deiseanna don phobal agus d'ealaíontóirí bheith ag obair as lámh a chéile mar chleachtas sóisialta agus go rachaidh sé sin i gcion go dearfach ar rannpháirtíocht leanúnach na n-oileánach ina gcultúir uathúla féin, á gcaomhnú agus á gcur chun cinn.

Léirigh John Walsh, Bainisteoir Ghrúpa Tionscadal an Oileáin Mhóir, a shásta atá sé gur roghnaíodh Oileáin Iarthar Chorcaí mar ‘Áiteanna Ildánacha’: “A bhuí leis an tionscadal seo, tá deis againn Oileáin Iarthar Chorcaí a chothú mar áiteanna ildánacha don phobal agus d'ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Táimid ag tnúth go mór le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe agus leis an gComhairle Contae ar an bhforbairt spreagúil seo.”

Dúirt Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir Chomharchumann Chléire Teoranta, go bhfáiltíonn an comharchumann “roimh an tacaíocht atá á léiriú tríd an infheistiú fadtéarmach seo, a thugann aitheantas don obair atá déanta le blianta anuas chun oileáin Iarthar Chorcaí a chur chun cinn mar ionaid ealaíon agus cultúir. Mar chomhpháirtithe le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí, Grúpa Tionscadal an Oileáin Mhóir, Cumann Forbartha Inis Arcáin agus Uillinn i scéim Dhámhachtain na nÁiteanna Ildánacha ón gComhairle Ealaíon, braithim go mbeidh deiseanna againn tógáil ar an obair atá ar bun againn chun níos mó páirtíocht pobail a mhúscailt ins an réimse ealaíonda don toghchaí.”

Fáiltíonn Comharchumann Chléire Teoranta roimh an tacaíocht atá á léiriú tríd an infheistiú fadtéarmach seo, a thugann aitheantas don obair atá déanta le blianta anuas chun oileáin Iarthar Chorcaí a chur chun cinn mar ionaid ealaíon agus cultúir. . Mar chomhpháirtithe le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí, Grúpa Tionscadal an Oileáin Mhóir, Cumann Forbartha Inis Arcáin agus Uillinn i scéim Dhámhachtain na nÁiteanna Ildánacha ón gComhairle Ealaíon, braithim go mbeidh deiseanna againn tógáil ar an obair atá ar bun againn chun níos mó páirtíocht pobail a mhúscailt ins an réimse ealaíonda don toghchaí.

Dúirt Maureen Kelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon go bhfuil “ríméad orainn go bhfuil infheistíocht shuntasach á déanamh go díreach sna háiteanna sin. Tá sé fíorthábhachtach dúinn agus muid ag déanamh infheistíocht phoiblí sna healaíona go mbeidh níos mó daoine in ann teacht ar thorthaí na hinfheistíochta sin agus tairbhe a bhaint astu, ar shlí shuntasach inbhuanaithe. Is fada linn go bhfeicfimid céard iad na tionscadail nua uaillmhianacha a chruthóidh na pobail inspioráideacha seo le chéile, agus táimid ar bís faoi thacaíocht a thabhairt dóibh áiteanna nua a cheiliúradh agus a bheochan.”

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí ag arts@corkcoco.ie

DEIREADH

 

 

Nótaí Eagarthóra

Tugann an Scéim Áiteanna Ildánacha deis do phobail nár bhain tairbhe roimhe seo as infheistíocht leanúnach sna healaíona, cláir áitiúla ealaíon a chruthú a rachaidh chun leas na ndaoine a mhaireann sna pobail sin. Beidh comhordaitheoir nó taighdeoir ag gach clár a chuirfidh tús le comhráití áitiúla chun plé agus pleanáil a dhéanamh ar réimse mór sár-smaointe cruthaitheacha maidir le tionscadail rannpháirtíochta a bhféadfadh an pobal áitiúil páirt a ghlacadh iontu agus sult a bhaint astu. Cuireann an clár leis na láidreachtaí cultúrtha atá ag an bpobal cheana féin, agus tá sé bunaithe ar bheith ag caint le chéile, ag éisteacht le guth an phobail faoin rud is tábhachtaí don phobal sin, agus ag déanamh for-rochtana ar dhaoine ar deacair leo páirt ghníomhach a ghlacadh i saol cultúrtha.

Leathnaíodh amach ón tionscadal píolótach i dTuaim agus anois, in éineacht le hOileáin Iarthar Chorcaí, beidh Baile Átha Í (Cill Dara), Muine Bheag (Ceatharlach), Darndál (Baile Átha Cliath Thuaidh) agus Éadan Doire (Uíbh Fhailí) ina nÁiteanna Ildánacha faoin gclár trí bliana. Chomh maith leis sin, beidh Sionainn (An Clár), Uíbh Ráthach (Ciarraí) agus Mac Uilliam (Tamhlacht) ag fáil dámhachtain taighde chun a nÁiteanna Ildánacha féin a fhorbairt.

Cuibhreannais éagsúla d'údaráis áitiúla agus d'eagraíochtaí ealaíon agus forbartha pobail a bheidh i gceannas ar gach clár. Beidh deiseanna fostaíochta ann do chomhordaitheoirí, d'ealaíontóirí agus do thaighdeoirí a mbeadh spéis acu i bhforbairt ealaíon pobail.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Clár Áiteanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon, féach www.artscouncil.ie