Funding Available for Community Groups in County Cork

Cork County Council is encouraging community & voluntary groups affected by the pandemic to apply for support to help keep their facilities open. A total of €312,000 is available to share between clubs and groups in County Cork under the Community Activities Fund for 2022.

The once-off fund aims to help groups, particularly in disadvantaged areas, with their running costs as well as with improvements to their facilities. It is funded by the Department of Rural and Community Development.

Mayor of the County of Cork, Cllr. Gillian Coughlan welcomed the funding, she said, “Community and voluntary groups have an incredibly positive impact in every community. It has been a challenging two years and it is important that we do all we can to support these groups. I would encourage them to apply to the Community Activities Fund. It can support clubs and groups in improving their facilities locally, helping with the costs of equipment and daily operating costs such as insurances and utility bills.

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey, added, “Cork County Council’s Community Activities Fund is supported by our three Local Community Development Committees (LCDCs). This funding is targeted towards enhancing facilities for communities impacted by disadvantage, as identified in the Local Economic and Community Plan. This once off fund will in particular support local groups with their running costs and assist in keeping their facilities open to their communities, with small grants available for repairs and renovations, new equipment and safety upgrades.”

The funding can be used to develop and improve facilities, for once-off maintenance, upgrade to amenities or equipment as well as for energy efficiency type projects. Grants of up to €1,000 are available for small-scale projects with funding in excess of €1,000 available for larger capital projects. In addition, there are one-off grants towards utility bills, insurance and other running costs incurred from 1st July 2021 to 30th June 2022.

The closing date for applications is Friday, 25th February at 4:00pm. Applications can be made online at www.yourcouncil.ie For further information, contact Cork County Council’s Local Community Development Unit on 021- 4285561 or 021-4285295 or email communitydevelopmentunit@corkcoco.ie


Tá Comhairle Contae Chorcaí ag spreagadh grúpaí pobail & deonacha ar a raibh tionchar paindéime orthu iarratas a dhéanamh ar thacaíocht chun a gcuid áiseanna a choimeád ar oscailt. Tá €312,000 san iomlán ar fáil le roinnt idir clubanna agus grúpaí i gContae Chorcaí faoin gCiste Gníomhaíochtaí Pobail do 2022.

Tá sé mar aidhm ag an gciste aonuaire cabhrú le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, lena gcostais reatha chomh maith le feabhsuithe ar a n-áiseanna. Tá sé maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Chuir Méara Chontae Chorcaí, an Clr. Gillian Coughlan fáilte roimh an maoiniú. Dúirt sí, “Tá tionchar thar a bheith dearfach ag grúpaí pobail agus deonacha i ngach pobal. Dhá bhliain dhúshlánacha a bhí ann agus tá sé tábhachtach go ndéanaimid ár ndícheall tacú leis na grúpaí seo. Mholfainn dóibh iarratas a dhéanamh ar an gCiste Gníomhaíochtaí Pobail. Is féidir leis tacú le clubanna agus le grúpaí a n-áiseanna a fheabhsú go háitiúil, ag cabhrú le costais trealaimh agus costais oibriúcháin laethúla ar nós árachais agus billí fóntais.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey, “Tacaíonn ár dtrí Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDCanna) le Ciste Gníomhaíochtaí Pobail Chomhairle Contae Chorcaí. Tá an maoiniú seo dírithe ar áiseanna a fheabhsú do phobail a mbíonn tionchar ag míbhuntáiste orthu, mar a shainaithnítear sa Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail. Tacóidh an ciste aonuaire seo go háirithe le grúpaí áitiúla lena gcostais reatha agus cabhróidh sé lena n-áiseanna a choimeád ar oscailt dá bpobail, le deontais bheaga ar fáil le haghaidh deisiúcháin agus athchóirithe, trealaimh nua agus uasghrádú sábháilteachta.”

Féadfar an maoiniú a úsáid chun áiseanna a fhorbairt agus a fheabhsú, le haghaidh cothabhála aonuaire, uasghrádú ar áiseanna nó trealaimh, agus le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh chomh maith. Tá deontais suas le €1,000 ar fáil do thionscadail mhionscála le maoiniú de bhreis ar €1,000 ar fáil do thionscadail chaipitil níos mó. Ina theannta sin, tá deontais aonuaire ann i dtreo billí fóntais, árachais agus costais reatha eile a thabhaítear ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Dé hAoine, 25 Feabhra ag 4:00in. Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag www.yourcouncil.ie . Le tuilleadh eolais a fháil, dein teagmháil le hAonad Forbartha Pobail Áitiúil Chomhairle Contae Chorcaí ar 021-4285561021-4285295 nó seol ríomhphost chuig communitydevelopmentunit@corkcoco.ie