Launch of €156,000 Community Enhancement Programme for Cork County

Cork County Council is inviting applications from community & voluntary groups for funding under the Community Enhancement Programme for 2021.

The scheme provides a flexible and targeted approach to funding communities most in need and supports a range of investment in all areas of the community to either kick-start, advance or complete a range of worthwhile projects. The total amount available for Cork County in 2021 is €156,299.

Mayor of the County of Cork, Cllr Mary Linehan Foley, also encouraged community groups to apply, saying, “Funding available through the Community Enhancement Programme can support community groups in improving their facilities locally, helping with the costs of tools and equipment and costs associated with reopening in line with Covid-19 restrictions’. Any not-for-profit community or voluntary group can apply. This year the Programme will assist with the re-opening of vital facilities like community centres, men’s sheds, parish halls and youth centres. These facilities have an incredibly positive impact in our communities, and I encourage relevant groups to determine the supports available to them and submit an application.”

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey, said, “Cork County Council’s Community Enhancement Programme is funded by the Department of Rural and Community Development and supported by our Local Community Development Committees (LCDCs). This funding is targeted towards enhancing facilities for communities impacted by disadvantage, as identified in the Local Economic and Community Plan. This year the fund will support local groups to re-open their facilities, with small grants available for repairs and renovations, new equipment and safety upgrades.”

Examples of eligible capital expenditure under the programme include youth clubs or facilities, sports and recreation facilities, development and improvements to community centres and common areas, once off maintenance of premises (not including regular maintenance), upgrades to community amenities/equipment and energy efficiency type projects.

There are three types of grants available under the programme i.e. small-scale capital grants up to a maximum of €1,000 or less and capital grants in excess of €1,000.  In addition, for 2021 there are one-off grants towards costs associated with reopening or sustainability of a facility, for example utility bills, these are limited to costs incurred or due in 2021. 

Applications can be made online at YourCouncil. Closing date for applications is Friday, 2nd July at 4:00pm. All allocated monies will have to be spent by end of November.

For further information, contact the Local Community Development Unit, Cork County Council on 021- 4285561 or 021-4285295 or email communitydevelopmentunit@corkcoco.ie

 


 

Clár Feabhsúcháin Pobail €156,000 seolta do Chontae Chorcaí

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag lorg iarratais ó ghrúpaí pobail agus deonacha ar mhaoiniú fén gClár Feabhsúcháin Pobail do 2021.

Soláthraíonn an scéim cur chuige solúbtha agus spriocdhírithe chun na pobail is mó atá i ngátar a mhaoiniú agus tacaíonn sí le raon infheistíochta i ngach réimse den phobal chun tús a chur le tionscadal, iad a chur chun cinn,  nó a chur i gcrích. Is é an méid iomlán atá ar fáil do Chontae Chorcaí in 2021 ná €156,299.

Spreag Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Mary Linehan Foley, grúpaí pobail iarratas a dhéanamh, ag rá,

“Is féidir leis an maoiniú atá ar fáil tríd an gClár Feabhsúcháin Pobail tacú le grúpaí pobail a gcuid áiseanna a fheabhsú go háitiúil, cabhrú le costais uirlisí agus trealaimh agus na costais a bhaineann le hathoscailt de réir srianta Covid-19’. Is féidir le haon phobal nó grúpa deonach neamhbhrabúis iarratas a dhéanamh. I mbliana cabhróidh an Clár le hathoscailt áiseanna ríthábhachtacha cosúil le hionaid phobail, seideanna na bhfear, hallaí paróiste agus ionaid óige. Tá tionchar thar a bheith dearfach ag na háiseanna seo inár bpobail, agus spreagaim grúpaí ábhartha na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh a chinneadh agus iarratas a chur isteach. "

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey,

“Tá Clár Feabhsúcháin Pobail Chomhairle Contae Chorcaí maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus tacaíonn ár gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla (LCDCanna) leis. Tá an maoiniú seo dírithe ar shaoráidí a fheabhsú do phobail faoi mhíbhuntáiste, mar a shainaithnítear sa Phlean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil. I mbliana tacóidh an ciste le grúpaí áitiúla a gcuid áiseanna a athoscailt, le deontais bheaga ar fáil le haghaidh deisiúcháin agus athchóirithe, trealamh nua agus uasghrádú sábháilteachta. "

I measc samplaí de chaiteachas caipitil incháilithe fén gclár tá clubanna óige nó saoráidí do dhaoine óga, saoráidí spóirt agus áineasa, forbairt agus feabhsúcháin ar ionaid phobail agus comhlimistéir, cothabháil d'áitribh (gan cothabháil rialta san áireamh), uasghrádú ar áiseanna/ threalamh pobail agus tionscadail i ndáil le héifeachtúlacht fuinnimh .

Tá trí chineál deontas ar fáil fén gclár i.e. deontais chaipitil ar scála beag suas le huasmhéid €1,000 nó níos lú agus deontais chaipitil os cionn €1,000. Ina theannta sin, le haghaidh 2021 tá deontais aonuaire i leith costas a bhaineann le hathoscailt nó inbhuanaitheacht saoráide, mar shampla billí fóntais, tá siad seo teoranta do chostais a thabhaítear nó a bhí dlite in 2021.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag www.yourcouncil.ie . Is é Dé hAoine, 2 Iúil ag 4:00i.n. dáta deiridh na n-iarratas. Caithfear gach airgead a leithdháiltear a chaitheamh fé dheireadh mhí na Samhna.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, dein teagmháil leis an Aonad Forbartha Pobail Áitiúil, Comhairle Contae Chorcaí ar 021-485561 nó 021-4285295 nó seol ríomhphost chuig communitydevelopmentunit@corkcoco.ie