Macroom to Embrace Al-Fresco Culture (GA)

The long-anticipated re-opening of the hospitality sector has finally arrived, and many County Cork towns have been embracing the opportunity to re-imagine town centres and adapt public spaces as unique outdoor dining experiences. Under Cork County Council’s ambitious suite of measures to stimulate local economies, Project ACT 2021, a continuation of last year’s hugely successful initiative designed to activate county towns, spaces are being transformed across the county.

This Summer, Macroom’s unique streetscape, with its two squares, will be complemented with an outdoor social area at Middle Square that offers covered and uncovered dining, a space independent of Ireland’s changeable weather. An appealing location for people to socialise in a safe manner, it also showcases Macroom and all that the beautiful town has to offer. Signage at entry points to Macroom will direct visitors to the new amenities.

Mayor of the County of Cork, Cllr Mary Linehan Foley, notes, “Macroom Bypass, one of the largest capital roads projects in Ireland at the moment, will give Macroom a real opportunity to assert its unique identity as a thriving market town, to create a sense of place for its residents and visitors alike, and to develop Macroom’s potential as an attractive destination town. Cork County Council’s Project ACT 2021 is supporting this innovative local vision for the town and Macroom is proving to be a great example of how creative communities can capitalise on the opportunities that arise out of crises.”

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey, added, “Cork County Council’s response to the economic impact of Covid-19 has been grounded from the beginning in a collaborative approach, with local groups and stakeholders working together to re- build confidence within the business community. Working in collaboration with local groups allows us to identify specific needs, local concerns and unique opportunities that arise. In Macroom, the local town team, made up of representatives from key pillars within the community, are maximising the potential of the town centre with projects from canopied seating areas for safe outdoor dining, to longer term capital infrastructure projects. Cork County Council through Project ACT 2021 is facilitating plans like these with pedestrianisation measures and the provision of marquees, canopies and outdoor dining areas across our county towns, issuing in excess of a hundred Section 254 licences to date.”

Chairman of the Lee Valley Enterprise Board Pat O’Connell, commented, “When Macroom Municipal District contacted the Board for the use of the marquee, which is used annually each September for the Macroom Food Festival, we saw it as an opportunity to provide a covered space for our members involved in the hospitality business and also the food traders in the Town Square on Tuesdays, as we are trying to promote Macroom as a place to enjoy good locally produced food.  I’m aware that car spaces are being removed but Macroom GAA Club are allowing free car parking in their carpark in the Castle Grounds which is only 200m from the town centre”

Local hotelier Rory Buckley, who runs the 70-year-old Castle Hotel, points to a growing sense of optimism among local businesses “The support of the Council has been fantastic by enabling us to develop outdoor dining, and they could not be more helpful with applications and grants,” he said. “There is a good buzz and great excitement in the town now as we are ramping up to re-open again.”

Launching Saturday, June 12th from 12 noon, members of the public are encouraged to savour a coffee or lunch from one of the many local cafes and eateries, all the while enjoying the unique bustling atmosphere of Macroom town in a safe outdoor space.

Maigh Chromtha chun glacadh le Cultúr Al-Fresco

Tá athoscailt na hearnála fáilteachais, a bhfuiltear ag tnúth leis le fada, tagtha faoi dheireadh, agus tá go leor bailte i gContae Chorcaí ag glacadh na deise a gcuid lár bailte a athshamhlú agus spásanna poiblí a oiriúnú d'eispéiris itheacháin lasmuigh uathúla. Faoi shraith beart uaillmhianach Chomhairle Contae Chorcaí, de chuid Tionscadal ACT 2021, a tosaíodh go rathúil an bhliain seo caite le haidhm gheilleagair áitiúla a spreagadh agus chun bailte an contae a ghníomhachtú, tá an Chomhairle ag leanúint leis an tionscnamh sin trí spásanna poiblí  a thrasfhoirmiú ar fud an chontae.

An Samhradh seo, i Maigh Chromtha, baile lena sráid-dreach uathúil agus le dhá chearnóg, beidh limistéar sóisialta lasmuigh ar an gCearnóg Láir a thairgfidh spás itheacháin clúdaithe agus neamhchlúdaithe, spás nach mbraitheann ar aimsir athraitheach na hÉireann. Suíomh mealltach do dhaoine ar mhaithe le sóisialú ar bhealach atá sábháilte, áit óna mbeidh Maigh Chromtha ar fad agus gach a bhfuil le tairiscint ag an mbaile álainn le feiscint. Treoróidh comharthaíocht ag pointí iontrála bhaile Mhaigh Chromtha cuairteoirí chuig na háiseanna nua.

Tugann Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Mary Linehan Foley, faoi deara, “Tabharfaidh Seachbhóthar Mhaigh Chromtha, ceann de na tionscadail bóithre caipitil is mó in Éirinn i láthair na huaire, deis dáiríre do Mhaigh Chromtha a fhéiniúlacht uathúil mar bhaile margaidh rathúil a dhearbhú, d'áitritheoirí agus do chuairteoirí araon, agus chun cumas Mhaigh Chromtha a fhorbairt mar bhaile ceann scríbe tarraingteach. Tá ACT 2021 de chuid Chomhairle Contae Chorcaí ag tacú leis an bhfís áitiúil nuálach seo don bhaile agus is sampla iontach é Maigh Chromtha don tslí inar b'fhéidir le pobail chruthaitheacha leas a bhaint as na deiseanna a éiríonn as géarchéimeanna. "

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey, “Bhí freagra Chomhairle Contae Chorcaí ar thionchar eacnamaíoch Covid-19 bunaithe ar an gcur chuige comhoibritheach ón tús, le grúpaí áitiúla agus geallsealbhóirí ag obair le chéile chun muinín a athbhunú laistigh den phobal gnó. Trí oibriú i gcomhar le grúpaí áitiúla is féidir linn sainriachtanais, ábhair imní áitiúla agus deiseanna uathúla a thagann chun cinn a aithint. I Maigh Chromtha, tá foireann an bhaile áitiúil, ar a bhfuil ionadaithe ó chrann taca an pobal, ag uasmhéadú acmhainn lár an bhaile le tionscadail mar áiteanna suíocháin clúdaithe le haghaidh itheachán sábháilte lasmuigh, go tionscadail bhonneagair caipitil níos fadtéarmaí. Tá Comhairle Contae Chorcaí ag éascú pleananna mar seo, trí Thionscadal ACT 2021, le bearta áirithiú do choisithe agus trí ollphuball agus áiteanna itheacháin lasmuigh a sholáthar ar fud ár mbailte contae, ag eisiúint níos mó ná céad ceadúnas Alt 254 go dtí seo. "

Dúirt Pat O'Connell, Cathaoirleach Bhord Fiontar Ghleann na Laoi, “Nuair a dhein Ceantar Bardasach Mhaigh Chromtha teagmháil leis an mBord chun an t-ollphuball a úsáid, a úsáidtear go bliantúil gach Meán Fómhair d’Fhéile Bia Mhaigh Chromtha, cheapamar gur deis a bhí ann chun spás clúdaithe a sholáthar dár mbaill a bhfuil baint acu leis an ngnó fáilteachais agus do na trádálaithe bia a mbíonn i gCearnóg an Bhaile gach Dé Máirt chomh maith, agus sinn ag iarraidh Maigh Chromtha a chur chun cinn mar áit chun taitneamh a bhaint as bia maith a tháirgtear go háitiúil. Tá a fhios agam go bhfuil spásanna gluaisteán á mbaint ach tá Club CLG Mhaigh Chromtha ag tabhairt páirceáil saor in aisce ina gcarrchlós i dTailte an Chaisleáin nach bhfuil ach 200m ó lár an bhaile. "

Cuireann an t-óstlannaí áitiúil Rory Buckley, ó Óstán an Chaisleáin, gnó atá 70 bliain d’aois, in iúl go bhfuil dóchas ag méadú i measc gnólachtaí áitiúla “Bhí tacaíocht na Comhairle ana-mhaith agus iad ag cabhrú lenár gcumas na spásanna itheacháin lasmuigh seo a fhorbairt, agus ní fhéadfaidís a bheith níos cabhraí le hiarratais agus deontais, ”a dúirt sé. “Tá an-áthas agus an-sceitimíní ar an mbaile anois agus sinn ag ullmhú don athoscailt arís."

Beidh an tionscnamh seo á sheoladh Dé Sathairn, 12 Meitheamh ó 12 meán lae, spreagtar baill an phobail chun caife nó lón a bhlaiseadh ó cheann de na caiféanna agus bialanna áitiúla, agus taitneamh a bhaint as atmaisféar bríomhar uathúil bhaile Mhaigh Chromtha i spás sábháilte lasmuigh.