Mayor’s Community Awards 2022 Now Open for Cork County Nominations

The annual Mayor’s Community Awards for Cork County has been announced for 2022 to mark the outstanding contributions made by individuals and community and voluntary groups across the county.

Mayor of the County of Cork, Cllr Gillian Coughlan is encouraging individuals and voluntary groups to contact their local Councillor or Public Participation Network (PPN) representatives to suggest nominees for this year’s awards,

“The Mayor’s Awards provide an opportunity to acknowledge just some of the local heroes that dedicate their time and efforts into making their community a better place to be. We all know someone who goes above and beyond to support their neighbours, contribute to local groups or improve their community in some way. If there is a special individual or group that deserves to be recognised for their efforts, please contact your local councillor or PPN rep to nominate them. On this the ninth year of the Awards, I am looking forward to celebrating Cork County’s true community heroes.”

There are two categories in which to nominate: Community and Voluntary Groups and Individuals. Mayor Coughlan will present a total of 11 Awards; which include 9 divisional awards, 3 for each of County Cork’s North, South and West divisions with two overall awards, one for an individual and one for a group.

If you or your organisation would like to put yourself forward, or you know of a group, volunteer or someone special who has made a difference in 2021, contact your local Councillor or a member of the Public Participation Network Secretariat.

The closing date for submission of nominations is Friday, 18th February 2022.


Tá Gradaim Pobail an Mhéara do Chontae Chorcaí fógartha don bhliain 2022 mar cheiliúradh ar an obair iontach a dhéanann daoine aonair agus grúpaí pobail agus deonacha ar fud an chontae.

Tá Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan ag spreagadh daoine aonair agus grúpaí deonacha teagmháil a dhéanamh lena gComhairleoirí áitiúla nó le hionadaithe ón  Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (PPN) chun ainmnithe a mholadh do ghradaim na bliana seo,

Tugann Gradaim an Mhéara deis aitheantas a thabhairt do chuid de na laochra áitiúla a thugann a gcuid ama agus a n-iarrachtaí chun a bpobal a dhéanamh níos fearr le bheith ann. Tá aithne againn go léir ar dhuine éigin a dhéanann sárobair chun tacú lena gcomharsana, chun cur le grúpaí áitiúla nó chun a bpobal a fheabhsú ar bhealach éigin. Má tá duine nó grúpa ar leith ann a bhfuil aitheantas tuillte acu as a gcuid iarrachtaí, dein teagmháil le do chomhairleoir áitiúil nó d’ionadaí LRP áitiúil le hiad a ainmniú dos na gradaim seo. Ar an naoú bliain de na Gradaim seo, táim ag tnuth leis an deis fíorlaochra pobail Chontae Chorcaí a cheiliúradh.”

Tá dhá chatagóir d'ainmniúcháin: Grúpaí Pobail agus Deonacha agus Daoine Aonair. Bronnfaidh an Méara Coughlan 11 Ghradam san iomlán; lena n-áirítear 9 ngradaim rannáin, 3 cinn do gach rannán, Thuaidh, Theas agus Thiar, i gContae Chorcaí , agus tá dhá ghradaim ghinearálta chomh maith; ceann do dhuine aonair agus ceann do ghrúpa.

Más mian leat féin nó le d’eagraíocht tú féin a chur chun tosaigh, nó má tá aithne agat ar ghrúpa, oibrí deonach nó duine speisialta a dhein difríocht in 2021, dein teagmháil le do Chomhairleoir áitiúil nó le ball de Rúnaíocht an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí.

Is é an dáta deiridh chun ainmniúcháin a chur isteach ná Dé hAoine, 18 Feabhra 2022.