Roadside Memorials Policy Adopted (Bilingual)

Cork County Council’s recently adopted Roadside Memorial Policy outlines what is to be allowed on public roads under the control of the Council.

Mayor of the County of Cork, Cllr Mary Linehan Foley, explained

“The aim of this policy is to ensure our public roads are kept safe for everyone, while recognizing the wishes of the bereaved to erect Roadside Memorials at accident locations.”

The policy, in general, will not affect existing memorials erected by members of the public.  However, should an existing memorial become damaged and/or in need of replacement, the replacement must comply with the new Roadside Memorial Policy. 

Cork County Council’s Chief Executive, Tim Lucey, said

“In order to ensure Roadside Memorials are erected with road safety foremost in mind, an application seeking the consent of the Roads Authority, for the erection of any Roadside Memorial, must be submitted in writing to Cork County Council going forward.”

Mayor Linehan Foley added

“All applications will be dealt with in a sympathetic, understanding and sensitive manner, and where and when appropriate, staff will liaise directly with those wishing to place memorials along the roadside.”

Details of the policy and application form are available on the following link: Cork County Council Policy on Roadside Memorials and Application Form.

***************************************************************************************************************************************************

Ghlac Comhairle Contae Chorcaí le Beartas Cuimhneacháin Cois Bóthair le déanaí, a thugann breac-chuntas ar a bhfuil ceadaithe ar na bóithre poiblí atá fé smacht na Comhairle.

Mhínigh Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Mary Linehan Foley mar seo a leanas:

“Is é aidhm an bheartais seo ná a chinntiú go gcoimeádtar ár mbóithre poiblí sábháilte do gach éinne, agus aitheantas á thabhairt do mhianta na ndaoine a bhfuil daoine muinteartha leo caillte cuimhneacháin cois bóthair a thógáil ag láithreacha na dtimpistí."

Ní dhéanfaidh an beartas, go ginearálta, difear do chuimhneacháin atá ann cheana. Mar sin féin, má dhéantar damáiste do chuimhneachán atá ann cheana agus / nó má theastaíonn athsholáthar air, caithfidh go gcomhlíonfaidh an t-athsholáthar leis an mBeartas Cuimhneacháin Cois Bóthair nua .

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey

“D’fhonn a chinntiú go gcuirfear Cuimhneacháin cois bóthair in airde ag tógaint sábháilteacht ar bhóithre san áireamh, caithfear iarratas ag lorg toiliú ó Údarás Bóithre, chun aon Chuimhneachán cois bóthair a thógáil, a chur isteach i scríbhinn chuig Comhairle Contae Chorcaí as seo amach"

Chuir an Méara Linehan Foley leis

“Déileálfar le gach iarratas ar bhealach báúil agus tuisceanach, agus nuair is iomchuí, rachaidh an fhoireann i dteagmháil go díreach leo siúd ar mian leo cuimhneacháin a chur ar thaobh an bhóthair."

Tá sonraí an bheartais, chomh maith leis an fhoirm iarratais ar fáil ag an nasc seo a leanas: Beartas Chomhairle Contae Chorcaí maidir le Cuimhneacháin Cois Bóthair agus an Fhoirm Iarratais.