Public Participation: Identification of Bathing Waters | Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint

Local authorities must identify official bathing areas in their area every year so that they can be monitored for safety, water quality and their level of use.  To help with this process, Cork County Council are asking people who swim at beaches, lakes and rivers to tell them if they think they should maintain existing designated bathing waters designations or give a new official bathing area designation to areas that are commonly used for swimming, but not identified at the moment.

Under European and Irish law, Irish local authorities must identify bathing waters each year so that these areas can be monitored to ensure they meet stringent microbiological water quality standards. In some cases, the official bathing areas are also the areas where local authorities focus their resources providing lifeguards during the summer season.  These laws also require that the local authority prepares detailed descriptions or profiles for each of the identified bathing water sites that describe not just the bathing area but also areas in the surface waters catchment area that could be a source of pollution. The profiles include an assessment the risk of pollution and what action would be taken if pollution occurs.

Further information on Cork County bathing waters can be found on the beaches section of this website.

To make a submission, please use the EPA Guideline document for the public along with the relevant application form included under Annex 1, which must be completed and returned with supporting documentation in order to make a fuller assessment of any submission. 

If you wish to propose your favourite beach/river etc. as a new bathing water site, comment on an existing site please forward your submission using the EPA Guidance Application Document above to beaches@corkcoco.ie.

Closing date for submissions to Cork County Council is 28th September 2023. For further information please email  beaches@corkcoco.ie.

Local authorities are required under the Bathing Waters Directive and the Bathing Water Quality Regulations 2008, as amended, to identify bathing waters on an annual basis. The Directive requires that water quality at all designated bathing waters meets stringent microbiological standards in order to protect the health of people who choose to bathe there.

 




Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Contae Chorcaí ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.

Faoin dlí Eorpach agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh.  Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi uiscí snámha Chontae Chorcaí a fháil ar an gcuid tránna den suíomh gréasáin seo.

Chun aighneacht a dhéanamh, bain úsáid as doiciméad Treoirlíne ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil- EPA don phobal chomh maith leis an fhoirm iarratais ábhartha atá san áireamh faoi Iarscríbhinn 1, a chaithfear a chomhlánú agus a sheoladh ar ais le cáipéisíocht tacaíochta d’fhonn measúnú níos iomláine a dhéanamh ar aon aighneacht.

Más mian leat an trá / abhainn srl is fearr leat a mholadh mar shuíomh nua uisce snámha nó trácht a dhéanamh ar shuíomh atá ann cheana cuir d’aighneacht ar aghaidh ag baint úsáide as Treoirlíne ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil – EPA don phobal  chuig  beaches@corkcoco.ie .

Is é an 28 Meán Fómhair 2023 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí chuig Comhairle Contae Chorcaí. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, seol ríomhphost chuig  beaches@corkcoco.ie.

Leis an Treoir um Uiscí Snámha agus leis na Rialacháin um Cháilíocht Uisce Snámha 2008, arna leasú, ceanglaítear ar údaráis áitiúla uiscí snámha a shainaithint ar bhonn bliantúil. Ceanglaítear leis an Treoir go ndéanfaidh an cháilíocht uisce i ngach uisce ainmnithe snámha dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha a chomhlíonadh ar mhaithe le sláinte na ndaoine a shnámhann iontu a chosaint.