​​​​​​​Call for Artistic Proposals for the N22 Baile Bhuirne to Macroom Road Development

Aerial Shot of a Bypass

Cork County Council and Transport Infrastructure Ireland (TII), under the Per Cent for Art Scheme have announced a call for submissions for two public art commissions as part of the N22 Baile Bhuirne to Macroom Road Development.

Valued at €30,000 each, the commissions will build on the existing rich culture of the communities and settlements on the N22 Road Development.

Mayor of the County of Cork, Cllr. Danny Collins welcomed the announcement,

This is a unique opportunity for artists to engage with the strong culture of the Baile Bhuirne and Macroom area and for the communities along the route to engage with public art. We look forward to receiving proposals that have the capacity to connect with the local community in the physical, social, environmental, cultural, and historical contexts of the area. I am sure that the successful commissions will further enhance this transformative road development for Cork County.

Cork County Council is seeking creative proposals from professional artists or artist collectives in any artform or combination of art forms. The work can be of a permanent or temporary nature. 

Artists are invited to submit proposals by 11pm on Sunday, 23rd October via Cork County Council’s customer service portal.

An online information session will take place 5th October 2022, interested parties should email arts@corkcoco.ie to register.

Updates on the N22 Baile Bhuirne to Macroom Road Development are available at www.n22bbm.ie


Tá glaoch fógartha ag Comhairle Contae Chorcaí agus ag Bonneagar Iompair Éireann (TII), faoi Scéim an Chéatadáin le haghaidh na nEalaíon, ar aighneachtaí do dhá choimisiún ealaíne poiblí mar chuid d’Fhorbairt Bóthair - N22 Baile Bhuirne go Maigh Chromtha.

Ar luach €30,000 an ceann, tógfaidh na coimisiúin ar chultúr saibhir na bpobal agus na lonnaíochtaí atá taobh le Forbairt Bóthair an N22.

Chuir Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins fáilte, roimh an bhfógra;

 

Is deis iontach é seo d’ealaíontóirí dul i ngleic le cultúr láidir cheantair Bhaile Bhuirne agus Mhaigh Chromtha agus do na pobail ar an mbealach chun páirt a ghlacadh in ealaín phoiblí. Táimid ag tnúth le tograí a fháil a bheidh in ann nascadh leis an bpobal áitiúil i gcomhthéacs fisiciúil, sóisialta, comhshaoil, cultúrtha agus stairiúil an cheantair. Táim cinnte go gcuirfidh na coimisiúin rathúla seo tuilleadh leis an bhforbairt bhunathraitheach bóthair seo do Chontae Chorcaí.

Tá moltaí cruthaitheacha á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí ó ealaíontóirí gairmiúla nó ó chomhghrúpaí ealaíontóirí in aon fhoirm ealaíne nó meascán d’fhoirmeacha ealaíne. Is féidir leis an obair a bheith de chineál buan nó sealadach.

Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí tograí a chur isteach faoi 23:00 Dé Domhnaigh, 23 Deireadh Fómhair trí thairseach seirbhíse custaiméara Chomhairle Contae Chorcaí ag 

Beidh seisiún faisnéise ar líne ar siúl ar an 5 Deireadh Fómhair 2022, ba cheart do pháirtithe leasmhara ríomhphost a sheoladh chuig arts@corkcoco.ie chun clárú.

Tá nuashonruithe ar Fhorbairt Bóthair - N22 Baile Bhuirne go Maigh Chromtha ar fáil ag www.n22bbm.ie