Leabharlann an Chóibh

Cobh Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Dúnta ar an Luan.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna, dlúthdhioscaí agus DVDanna san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann an Chóibh. Tá rogha leabhar tagartha ginearálta ar nós ciclipéidí agus foclóirí ar fáil sa leabharlann freisin. Tá leabhair éagsúla againn freisin a bhaineann le stair RMS Titanic agus le stair RMS Lusitania chomh maith.

Tá na nuachtáin reatha seo a leanas ar fáil le léamh sa leabharlann: The Irish Examiner, The Irish Times, The East Cork Journal agus The Southern Star. Tá rogha irisleabhar againn cosúil le Hello, Woman's Way agus The Phoenix chomh maith le nuachtlitir áitiúil an Chóibh, the Great Island Community News. 

Leithreas poiblí ar fáil.

 

Rochtain Idirlín 

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré.

Tá Wi-Fi ar fáil freisin do bhaill na leabharlainne. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil, le do thoil, leis an leabharlann nó is féidir leat clárú ag an deasc freisin chun rochtain a fháil.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann an Cóbh. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil. 

 

2.) Ó do bhrabhsálaí:

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry):

1.    Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store

2.    Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.

3.    Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Imeachtaí 

Buaileann an Club Leabhar do Dhaoine Fásta le chéile uair amháin sa mhí. Téigh i dteagmháil leis an leabharlann chun na liostaí léitheoireachta agus amanna na gcruinnithe a fháil.

Buaileann an grúpa cniotála Knit & Natter le chéile gach maidin Céadaoin idir 10.30 am agus 12.30 pm chun scileanna nua a fhoghlaim, cupán tae/caife a ól agus fadhbanna an domhain a réiteach. Tá fáilte roimh chách.

Eagraítear Am Scéalaíochta agus dathúchán do pháistí gach tráthnóna Aoine ag 3:30 p.m.

Tacaíonn Leabharlann an Chóibh le daoine atá ag iarraidh cúrsa ríomhfhoghlama FÁS a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fhaíl, téigh i dteagmháil le FÁS go díreach nó buail isteach chuig an leabharlann chun foirm iarratais a fháil.

Eagraíonn grúpaí ar nós an Cobh Harbour Islands Project agus an YMCA áitiúil taispeántais ghrianghraf go rialta le linn na bliana.

Buaileann an grúpa lásadóireachta le chéile ar an gcéad Mháirt den mhí.

Eagraítear imeachtaí éagsúla i rith na bliana, lena n-áirítear páirt a ghlacadh i bhFéile na Bealtaine, Clár Ealaíon an tSamhraidh, agus Féile Leabhar na bPáistí.