A portrait of a woman

Fáilte ó Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí

Cuireann Comhairle Contae Chorcaí réimse leathan seirbhísí éagsúla ar fáil do thart ar 360,000 saoránach. Déantar an-phoiblíocht ar chuid de na seirbhísí, mar shampla: seirbhísí Tithíochta, Bóithre, Pleanála agus Timpeallachta, ach tá go leor seirbhísí iontacha eile a chuirimid ar fáil dár bpobail, lena n-áirítear Leabharlanna, an tSeirbhís Dóiteáin, Maoiniú Pobail, LEADER, agus cúrsaí Ealaíon agus Oidhreachta.

Is é an sprioc atá agamsa a chinntiú go gcuireann Comhairle Contae Chorcaí seirbhís ar fáil duit de réir na gcaighdeán is airde seirbhíse custaiméirí agus is féidir. Tá sé fíorthábhachtach gur féidir leatsa, a shaoránaigh, teagmháil a dhéanamh le do Chomhairle ar bhealach áisiúil agus éasca. Is é sin an fáth a bhfuil an Clár Claochlaithe um Sheirbhísí do Chustaiméirí forbartha ag Comhairle Contae Chorcaí, le tacaíocht ó Mhéara an Chontae agus ó na Baill Tofa. Is cuid den chlár seo an suíomh gréasáin seo, arb é ár n-áis seirbhísí ar líne é. Mar is sinne “Do Chomhairle-se”.

Tá súil agam go gcuirfidh na tionscnaimh seo go mór le do thaithí mar chustaiméir. Táim cinnte go gcuirfidh an suíomh gréasáin seo, agus ár bhfoireann, eolas ar fáil duit go héasca maidir le seirbhísí na Comhairle, agus molaim duit clárú lenár dtairseach seirbhísí ar líne, “Do Chomhairle”, le go mbeidh fáil éasca agat ar réimse leathan seirbhísí.

Is í Comhairle Contae Chorcaí an chéad Údarás Áitiúil in Éirinn chun réimse chomh leathan seo roghanna teagmhála a thabhairt dá custaiméirí. Coinneoimid orainn ag cur feabhais ar ár gcuid seirbhísí amach anseo.
Go raibh míle maith agat as cuairt a thabhairt ar Chomhairle Contae Chorcaí agus tá súil agam go mbeidh an suíomh gréasáin úsáideach duit. 

Le dea-ghuí,
Moira Murrell,
Príomhfheidhmeannach,
Comhairle Contae Chorcaí.