Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail (LECP) 2024 -2030

""

Féachann an Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail seo le geilleagar bríomhar a chothú agus a chur chun cinn ina mbeidh rath ar fhiontair trí dhul chun cinn teicneolaíoch a ghlacadh agus nuálaíocht a chothú, agus a bheith freagrach as ár dtimpeallacht ag an am céanna, agus pobail atá cuimsitheach go sóisialta a chruthú, ar pobail iad ní hamháin atá inbhuanaithe agus cumhachtaithe, ach a bhfuil teacht aniar iontu agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin agus ina bhfuil sláinte agus folláine ár saoránach ar thús cadhnaíochta.

Tá fás níos tapúla tagtha ar dhaonra Chontae Chorcaí ná daonraí an stáit le tríocha bliain anuas agus aithnítear go bhfuil Contae Chorcaí ar cheann de na hionaid is tapúla fáis sa Stát sna fiche bliain amach romhainn faoin Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíochta do Réigiún an Deiscirt. Chomh maith leis sin, is é Contae Chorcaí an tÚdarás Áitiúil is mó ó thaobh ceantair tíreolaíochta de agus is é an dara hÚdarás Áitiúil is mó daonra sa stát é. Is sa chomhthéacs seo a shocraítear uaillmhian Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail Chontae Chorcaí 2024-2030.

Tá an PÁEP ag teacht le Plean Forbartha Chontae Chorcaí agus leis an bhfís go mbeidh Corcaigh ina áit tharraingteach, iomaíoch agus inbhuanaithe chun cónaí ann, cuairt a thabhairt uirthi agus gnó a dhéanamh ann, áit a bhfuil caighdeán an gheilleagair, an timpeallacht nádúrtha agus thógtha, an cultúr agus neart agus inmharthanacht na bpobal tuaithe agus uirbeach de réir na gcaighdeán is airde.

Leagtar amach sa Phlean seo sraith Spriocanna Ardleibhéil a léiríonn an fhís shonrach is mian le Comhairle Contae Chorcaí a sheachadadh nó a bhaint amach go díreach nó i gcomhpháirtíocht lena páirtithe leasmhara eacnamaíochta agus forbartha pobail sna 6 bliana amach romhainn. Áirítear ar na Spriocanna Ardleibhéil sin an méid seo a leanas:

  • Pobail agus áiteanna inbhuanaithe, seasmhacha agus cumasaithe
  • Contae atá cuimsitheach go sóisialta
  • Contae sláintiúil agus gníomhach
  • Contae ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na haeráide de agus a chosnaíonn an bhithéagsúlacht agus an comhshaol
  • Contae a thacaíonn le fiontraíocht
  • Contae cliste agus nuálaíoch

Tacaítear le gach ceann de na spriocanna ardleibhéil sin le liosta cuspóirí sonraithe agus liosta torthaí ina dtugtar achoimre ar a bhfuil mar aidhm ag gach sprioc ardleibhéil a bhaint amach.

Is plean ilghníomhaireachta é an Plean Cur Chun Feidhme agus cuimsíonn sé gníomhartha ó réimse leathan páirtithe leasmhara. Tá Príomhtháscaire Feidhmíochta sannta do gach gníomhaíocht lena bhféadfar faireachán, meastóireacht agus tuairisciú leanúnach a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean.

Forbraíodh PÁEP Chontae Chorcaí trí chomhoibriú idir Fheidhmeannas Chomhairle Contae Chorcaí, na Comhaltaí Tofa, Saoránaigh Chontae Chorcaí, baill CFPÁ Thuaisceart, Dheisceart agus Iarthar Chorcaí, an Coiste um Fhorbairt Eacnamaíoch agus Fhiontar agus Grúpa Comhairleach an PÁEP ina bhfuil 34 Príomhpháirtí leasmhar a dhéanann ionadaíocht ar raon leathan príomhpháirtithe leasmhara pobail agus eacnamaíochta. Beidh sé ríthábhachtach cur leis an gcur chuige comhoibríoch sin agus oibriú i gcomhar leis na páirtithe leasmhara go léir chun an Plean a chur i bhfeidhm go rathúil sna sé bliana amach romhainn.

Ghlac Comhairle Contae Chorcaí le Plean Áiúil Eacnamaíochta & Pobail 2024-2030 ar an Luan an 11 Márta 2024.

Leanfaidh an fhorbairt ar an bPlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail 2023-2029 roinnt céimeanna mar a mhínítear sa ghrafaic thuas agus sa téacs thíos.

Céim 1: Ullmhúchán

Anailís Shocheacnamaíoch

Ráiteas socheacnamaíoch agus Spriocanna Ardleibhéil bunaithe ar Anailís Shocheacnamaíoch

Ullmhúchán ag an nGrúpa Comhairleach. Séala curtha leis ag an SPC agus CFPÁ

Céim 2: Comhairliúchán Poiblí

Comhairliúchán Poiblí ar Spriocanna Ardleibhéil

Athbhreithniú ar an Ráiteas bunaithe ar chomhairliúchán

Ullmhúchán ag an nGrúpa Comhairleach. Séala curtha leis ag an SPC agus CFPÁ

Céim 3: Cuspóirí agus Torthaí a Fhorbairt

Cuspóirí agus torthaí mionsonraithe a fhorbairt

Ullmhúchán ag an nGrúpa Comhairleach. Séala curtha leis ag an SPC agus CFPÁ

Dréacht Deiridh chuig MDanna agus RAanna le haghaidh ionchuir

Céim 4: Plean a Chur i gCrích

SPC agus CFPÁ chun dréacht deiridh a ghlacadh a léiríonn ionchur MD agus RA

An t-Údarás Áitiúil chun an dréacht deiridh a cheadú

Aighneacht chuig an Aire agus Foilsithe ag an Údarás Áitiúil

Céim 5: Cur i bhFeidhm

Pleananna Feidhmithe

Breithniú ar na hAcmhainní atá ar fáil

Feidhmiú solúbtha leanúnach

Céim 6: Monatóireacht agus Meastóireacht

Príomhtháscairí Feidhmíochta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí beartaithe

Bailiú sonraí leanúnach, lena n-áirítear cás-staidéir

Tuarascáil cur chun feidhme

An Chéim Reatha

Céim a Ceathair - Glacadh leis an bPlean

Cliceáil 'Céim 4' thíos.