Glasbhealach ó Mhainistir na Corann go hEochaill

""

Léargas

Tá Comhairle Contae Chorcaí i mbun Glasbhealach a thógáil ar an iarchonair iarnróid idir Mainistir na Corann agus Eochaill. Beidh an Glasbhealach, a bheidh 23km ar fad, mar bhealach siúlóide agus rothaíochta trí chroílár Chorcaigh Thoir lena gceanglófar na bailte agus na sráidbhailte Mainistir na Corann, Maigh Dhíle, Cill Ia agus Eochaill.

Beidh Glasbhealach Mhainistir na Corann go hEochaill mar áis thábhachtach don phobal áitiúil, a chuirfidh bealach sábháilte, insroichte agus tarraingteach ar fáil ar fhána éasca, a bheidh oiriúnach le húsáid do dhaoine ar gach aois agus cumas. Cuirfidh forbairt an Ghlasbhealaigh le líonra na n-áiseanna rothaíochta laistigh den chontae chun tacú le cuspóirí iompair inbhuanaithe, a chuirfidh le cur chun cinn na sláinte, leis an bhfolláine agus le caighdeán saoil foriomlán. Cuirfidh an Glasbhealach go mór le bonneagar turasóireachta laistigh den chontae agus táthar ag súil go mbainfidh Corcaigh Thoir tairbhe as níos mó cuairteoirí, a chuirfidh leis an ngeilleagar áitiúil.

An Nuacht agus an t-eolas is déanaí

Tá céim 1 den Ghlasbhealach idir Mainistir na Corann go hEochaill oscailte anois. Tá an chuid seo den Ghlasbhealach, atá 8km ar fad, suite idir Mainistir na Corann agus Maigh Dhíle. Tá rochtain ar an nGlasbhealach idir Mainistir na Corann agus Maigh Dhíle ag Tús na Siúlóide i Stáisiún Mhainistir na Corann nó ag Tús na Siúlóide i Maigh Dhíle amháin. Tá céim 2 den Ghlasbhealach i mbun tógála agus beidh píosa breise réidh le hoscailt níos déanaí sa bhliain amach romhainn. Táimid ar bís le fáilte a chur romhat go luath.

Tá céim 1 den Ghlasbhealach idir Mainistir na Corann go hEochaill oscailte anois.

Tá an chuid seo den Ghlasbhealach 8mk ar fhad agus síneann sé trí thírdhreach álainn Oirthear Chorcaí idir Stáisiún Mhainistir na Corann agus baile Mhaigh Dhíle, ag leanúint an tsean-iarnróid.

Tá rochtain ar an nGlasbhealach ag na pointí tosaithe ag Stáisiún Mhainistir na Corann agus ag Maigh Dhíle amháin.

Cuirfear amach anseo leis an eolas faoi oidhreacht agus faoi bhithéagsúlacht an bhealaigh chomh maith le sonraí faoina bhfuil le feiceáil agus le déanamh. Faoi láthair, áfach, is féidir thú féin a thimpeallú leis an dúlra agus taitneamh a bhaint as an aistear.

Áiseanna

Tá páirceáil, leithris shealadacha phoiblí, stáisiúin deisithe rothar agus scairdeáin uisce ag tús na siúlóide ag Stáisiún Mhainistir na Corann agus i Maigh Dhíle. 

Tá láithreacha picnicí ag Stáisiún Mhainistir na Corann, i Maigh Dhíle agus i Roxborough. 
 

""

Le cinntiú go mbeidh cuairt thaitneamhach agat, iarrtar ort cloí leis an treoir shábháilteachta thíos:

  • Fan ar Chlé, Gabh Thart ar Dheis:
    • Fan ar thaobh na láimhe clé den chosán agus téigh ar dheis le dul thar dhaoine.
  • Siúlóirí:
    • Bí ag éisteacht go gcloisfidh tú rothaithe ag teacht, lig dóibh dul tharat go sábháilte agus ná bí i do bhac ar an gcosán.
  • Rothaithe:
    • Ring your bell to alert pedestrians. Pass slowly, allow space and cycle at a safe speed. Use appropriate safety equipment, especially a helmet and bicycle lights.
  • Úinéirí Madraí:
    • Dogs must be kept on a short lead at all times. Clean up after your pet.
  • Trasnú Sábháilte:
    • The Greenway is off-road but special care must be taken when crossing public roads and at farm crossings. Always adhere to traffic and safety signage. Stop and give way to traffic at road crossings.
  • Feithiclí Mótair agus Capaill:
    • Motorised vehicles and horses are not permitted on the Greenway. You may occasionally encounter maintenance vehicles on the path: please exercise caution on approach.
  • Éigeandáil:
    • I gcás éigeandála, déan teagmháil leis na seirbhísí éigeandála trí ghlaoch ar 112 nó 999.
Logo

Is féidir le madraí ainmhithe feirme a scanrú nó a ghortú, coinnigh do mhadra ar iall ghearr.

Fan ar an gcosán, ná téigh ar mhaoin phríobháideach agus bíodh meas agat ar phríobháideachas na n-úinéirí talún sa timpeallacht.

Ná gabh gar d’ainmhithe feirme agus ná tabhair bia dóibh.

Ná cuir isteach ar an bhfiadhúlra, ar na plandaithe dúchasacha ná ar na bláthanna fiáine a fhásann le taobh an Ghlasbhealaigh.

Bíodh grá agat don áit, ná fág do lorg uirthi:

  • Faigh réidh le do chuid bruscair mar is ceart.
Logo