Airgeadais

Feithiclí Seanré

Déantar feithicil a aicmiú mar fheithicil seanré nuair atá sí níos sine ná 30 bliain d'aois agus bíonn ráta comhaltais mótarchánach i bhfeidhm ina leith. Rátaí Mótarchánach

  • Chun an aicme cánach a athrú chuig aicme Seanré, ba cheart don úinéir an fhoirm Athrú Sonraí RF111 (pdf) a úsáid nuair atáthar ag cur iarratas isteach ar cháin agus é a sheoladh isteach leis an (Log)leabhar Cláraithe chuig an Oifig Mótarchánach.

Áit a ceannaíodh an fheithicil gan na doiciméid chláraithe chuí, ba cheart don úinéir nua:

  • Cuir isteach Deimhniú Reachtach le Duine a Cheannaíonn Mótarfheithicil comhlánaithe. Is féidir an fhoirm seo a fháil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig Mótarchánach áitiúi, agus
  • Comhlánaigh iarratas RF134 agus seol táille €12.00 isteach chun (Log)leabhar Cláraithe nua a fháil.

Mura bhfuil na hOifigí Mótarchánach in ann sonraí faoin bhfeithicil a aimsiú sa Chóras agus sa Chartlann Ríomhaireachta Náisiúnta d'Fheithiclí, caithfear an fheithicil a athchlárú leis an TNC agus Uimh. Chláraithe nua a fháil. 

Déan teagmháil leis an Oifig Mótarchánach ar (021) 4544566 má tá aon cheist agat.