Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Tionscnaimh Easpórtála Bia

Éascaíonn Comhairle Contae Chorcaí i gcomhar leis na hOifigí Fiontair Áitiúil rannpháirtíocht ghnólachtaí bia atá réidh le heaspórtáil a dhéanamh ag ócáidí bia idirnáisiúnta, amhail an IFE i Londain i Márta 2017. Ina theannta sin, ghlac os cionn 20 gnólacht páirt i gClár Oiliúna Easpórtála Bia mar ullmhúchán don chineál sin ócáide. Tugann an ócáid sin rochtain do ghnólachtaí ar os cionn 29,000 den lucht freastail agus ar dhíoltóirí idirnáisiúnta. I mbliana, dhírigh an oiliúint isteach ar mhargaí na RA, na Fraince agus na tíortha Lochlannacha, agus go mór mór ar an dá thír dheireanach a bheidh an-tábhachtach i gcomhthéacs Brexit.