Airgeadais

An Tástáil Náisiúnta Carranna

Tugadh isteach an Tástáil Náisiúnta Carranna (TNC) ar an 4 Eanáir 2000 mar chuid de Threoir AE a dhéanann tástáil gluaisteán éigeantach sna ballstáit ar fad. Is cion é gluaisteán a thiomáint atá faoi dhliteanas tástála gan diosca na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna a thaispeáint.  Ó 2000 ar aghaidh, déantar gach carr os cionn 4 bliana d'aois a thástáil.  Beidh ar fheithiclí a n-éiríonn leo sa tástáil a dhéanamh arís gach dhá bhliain. Ó Mheitheamh 2011 ar aghaidh, déantar carranna atá os cionn 10 mbliana d'aois a thástáil gach bliain.

Ní riachtanas é TNC bailí a bheith agat nuair atá iarratas ar mhótarcháin á dhéanamh agat.

Is féidir leat Deimhniú TNC/Diosca TNC caillte a fháil ar tháille €15.50 (amhail Samhain 2017) chomh luath agus a líonann tú Foirm RF134 (pdf) (a luann an doiciméad atá ag teastáil) agus a dhéantar í a shíniú agus a stampáil ag Stáisiún Gardaí.  Seol isteach an fhoirm seo, agus an táille (dréacht bainc/ordú poist) iníoctha le Applus Car Testing Services Ltd, chuig:

Riarthóir an Deimhnithe Tástála,

NCTS, Lakedrive 3026,

Campas Gnó Iarthar na Cathrach,

Bóthar an Náis,

Baile Átha Cliath 24

Níl Foirm RF134 (pdf) ag teastáil chun Tuairisc TNC nua a fháil – is leor litir a sheoladh chuig an seoladh thuas in éineacht leis an táille thuasluaite.

Chun tuilleadh eolais a fháil, amhail liosta de na hionaid tástála nó eolas faoi thástáil a chur in áirithe - is é an leathanach baile den tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (NCTS) ná http://www.ncts.ie. Féadann tú glaoch ar (01) 4135994 freisin nó ríomhphost a sheoladh chuig info@ncts.ie. freisin.