Airgeadais

Feithiclí Earraí

Ní mór gach iarratas ar cháin a chur ar Fheithiclí Earraí don chéad uair a dhéanamh trí d'Oifig Mótarchánach áitiúil.  Cuir isteach an fhoirm Iarratais ar Mhótarcháin agus an Táille chuí.  Gearrtar Rátaí Mótarchánach bunaithe ar mheáchan na feithicle. 

Chun sonraí a fháil faoi Rátaí Mótarchánach, breathnaigh ar an nasc seo

Feithiclí Earraí Éadroma (Ollmheáchan Feithicle 3,500kg nó níos lú) – Riachtanais Eile:

  • Foirm chomhlánaithe RF111A – Foirm Dearbhaithe Earraí.
  • Ní mór don iarrthóir cláruimhir cáin ioncaim a chur ar fáil chun a dheimhniú go bhfuil sé cláraithe chun críocha cánach.  Ní mór do gach iarrthóir an fhoirm seo a chomhlánú agus go mbeadh a fhios aige gur gá an fheithicil a chur faoi cháin ag an ráta príobháideach má tá an fheithicil á húsáid i gcáil phríobháideach.  Ní mór don deimhniú árachais a lua go bhfuil an fheithicil cumhdaithe chun earraí a iompar le linn a bheith i mbun tráchtála/gnó.
  • D'fhéadfadh go mbeadh duillín meáchain ag teastáil (féach liosta na ndroichead meáite thíos).
  • Ní mór go mbeadh Deimhniú Ródacmhainneachta (DRA) reatha ag an bhfeithicil má tá an fheithicil níos sine ná bliain amháin d'aois.   Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA).
  • Ní mór go mbeadh an fheithicil cláraithe ag seoladh i gCorcaigh.

Feithiclí Earraí Troma (Ollmheáchan Feithicle > 3,500kg):

  • • D'fhéadfadh go mbeadh Duillín Meáchain ag teastáil (féach liosta na ndroichead meáite thíos)
  • Ní mór go mbeadh Deimhniú Ródacmhainneachta (DRA) reatha ag an bhfeithicil má tá an fheithicil níos sine ná bliain amháin d'aois. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA).
  • • Ní mór go mbeadh an fheithicil cláraithe ag seoladh i gCorcaigh.

Athnuachan ar Cháin Feithiclí Earraí (Éadroma/Troma) – is féidir é sin a dhéanmh ar líne ag www.motortax.ie  nó trí d'Oifig Mótarchánach Áitiúil

Aonaid Tarracóirí Altacha

Meastar gur fheithicil shingil feithicil altach (.i. feithicil agus leathleantóir) agus go bhfuil mótarcháin iníoctha ina leith ar bhonn mheáchain gan ualach an aonaid tarracóra móide meáchan gan ualach an leathleantóir is troma a n-úsáidfear ag aon am i rith thréimhse an cheadúnais.  Ní mór an fheithicil a mheá agus an leantóir is troime ceangailte léi.

Úinéir agus Suíomh na nDroichead Meáite:

  • Comhairle Cathrach Chorcaí, Cé Uí Chinnéide, Cathair Chorcaí
  • Comharchumann Dairygold (Comharchumann Bhaile Cloch roimhe seo), Áth an Chóiste, Contae Chorcaí
  • Comharchumann Dairygold (Comharchumann Ó Mic Coille), Maigh Dhíle, Mainistir na Corann, Contae Chorcaí
  • Comharchumann Dairygold (Comharchumann Bhaile Mhistéala), Bóthar Chluain Mheala, Baile Mistéala, Contae Chorcaí
  • Distillery Feeds, Lucey agus O’Connell, Droichead na Bandan, Contae Chorcaí
  • Comharchumann Dhraighní, Draighneach, Contae Chorcaí
  • Lisavaird Co-op Creamery Ltd, Lios an Bhaird, Contae Chorcaí
  • North Cork Co-op Creameries, Ceann Toirc, Contae Chorcaí
  • Youghal Shipping agus Storage Ltd, Cé an Ghraoinigh, Eochaill, Contae Chorcaí