Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Clár Miondíola Beacon

Seoladh Clár Miondíola Beacon Chomhairle Contae Chorcaí i Meán Fómhair 2013 agus tá sé ar fáil do gach gnólacht a bhíonn ag déileáil le custaiméirí. Is é príomhsprioc chlár Miondíola Beacon Saineolaí Miondíola eachtracha a thabhairt isteach le hoibriú i gcomhar le Miondíoltóirí inár mbailte ar fud an Chontae thar tréimhse 4 mhí agus cabhrú leo plean straitéiseach 12 go 18 mí a chruthú dá ngnólachtaí.

Go dtí seo, tá obair déanta ag an gComhairle agus ag Comhairleoirí Miondíola le os cionn 260 gnólacht Mhiondíola i 18 baile sa Chontae agus tá torthaí suntasacha bainte amach acu. Ceann de na torthaí is suntasaí a baineadh amach sna 18 baile ina raibh an clár ar siúl ná gur tháinig miondíoltóirí neamhspleácha le chéile chun obair mar aonad comhtháite chun tairbhe an bhaile ar fad. D'fhorbair an clár seo agus é á chur i bhfeidhm agus foghlaimíodh go leor ó na botúin a rinneadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.beaconinitiative.net.