Airgeadais

Dearbhuithe Eisbhóthair Reachtacha

Is é seo a leanas an nós imeachta chun Dearbhú Reachtach a dhéanamh maidir le neamhúsáid feithicle ó 2013 i leith:

  • Mura n-úsáidfear d'fheithicil nó mura gcoinneofar in áit phoiblí í, beidh tú ábalta a dhearbhú go bhfuil sí á cur den bhóthar trí Fhoirm RF150 (pdf) a chomhlánú agus í a chur isteach chuig d'Oifig Mótarchánach áitiúil.  De rogha air sin, is féidir leat a dhearbhú go bhfuill d'fheithicil á cur den bhóthar ag www.motortax.ie má tá d'Uimhir Aitheantais Phearsanta (UAP) ar eolas agat.
  • Ní mór duit do dhearbhú neamhúsáide a dhéanamh roimh ré, i.e. sa mhí a bhfuil an diosca mótarchánach ag dul in éag nó sa mhí a bhfuil do dhearbhú neamhúsáide reatha ag dul in éag.
  • Má tá feithicil nua nó iompórtáilte díreach ceannaithe agat nó má tá feithicil athláimhe ceannaithe agat nach bhfuil sé i gceist agat í a úsáid láithreach bonn, tá 21 lá agat ón dáta ceannaithe chun dearbhú neamhúsáide a dhéanamh.  I gcás ina bhfuil feithicil athláimhe á ceannach agat, déan cinnte de go gcuireann tú in iúl don díoltóir go bhfuil sé i gceist agat dearbhú eisbhóthair a dhéanamh don fheithicil ionas go ndéanfar an tAthrú Úinéireachta a chur in iúl don oifig chuí láithreach bonn.
  • Ní ghlacfar leis an Dearbhú Neamhúsáide má chuirtear isteach go mall é nó má tá riaráistí le híoc.  Caithfear na riaráistí a íoc agus cáin a chur ar an bhfeithicil ar feadh trí mhí ar a laghad sular féidir glacadh leis an dearbhú neamhúsáide.
  • Is féidir dearbhú neamhúsáide a dhéanamh ar feadh 3 mhí féilire ar a laghad agus 12 mhí féilire ar a mhéad.  Ní féidir leat dearbhú eisbhóthair mí amháin nó dha mhí a dhéanamh i leith feithicle.   Baineann an Dearbhú le míonna féilire iomlána a thosaíonn ar an gcéad lá den mhí agus a chríochnaíonn ar an lá deireanach den mhí. 
  • Déanfar gach Dearbhú atá comhlánaithe i gceart a dheimhniú tríd an bpost nó ar an láthair má dhéantar an Dearbhú a chur isteach go pearsanta ag an Oifig Mótarchánach áitiúil.
  • Is féidir leat an Dearbhú Eisbhóthair Reachtach a chur ar ceal aon am ar mian leat tríd an gcáin a athnuachan ag d'oifig mótarchánach áitiúil -  beidh an diosca mótarchánach bailí ón gcéad lá den mhí a chuireann tú cáin ar d'fheithicil.
  • Cuirtear Dearbhú Eisbhóthair Reachtach ar ceal as féin chomh luath agus a dhíoltar feithicil.