Oidhreacht agus Caomhnú

Cad é Éire Ildánach?

Is ionann Éire Ildánach agus Clár Cultúrtha an Rialtais d'Éirinn in 2016 – tionscnamh cúig bliana, ó 2017 go 2022, ina gcuirtear cruthaitheacht i gcroílár an bheartais phoiblí.

Is tionscnamh ardleibhéil, ardaidhmeannach, uile-rialtais é a bhfuil mar aidhm aige an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol an náisiúin ionas gur féidir linn mar dhaoine aonair agus mar phobal, inár saolta pearsanta agus inár n-institiúidí, ár gcumas iomlán cruthaitheach a bhaint amach.

Clár é Éire Ildánach atá bunaithe ar an gcultúr agus atá leagtha amach chun folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is é an croí-thairiscint go dtiomáineann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha cruthaitheacht phearsanta agus cruthaitheacht chnuasaitheach, le himpleachtaí suntasacha d'fholláine agus do ghnóthachan aonair agus sochaíoch.

Is ionann Éire Ildánach agus an príomhmhodh feidhmithe do na tosaíochtaí a aithnítear sa chlár Cultúr 2025/Éire Ildánach, an dréachtbheartas cultúrtha a d'fhoilsigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, agus Gnóthaí Réigiúcha, Tuaithe agus Gaeltachta in Iúil 2016, a breathnaíonn ar saol cultúrtha bríomhar mar chuid riachtanach den tsochaí. 

Maíonn Cultúr 2025/Éire Ildánach go bhfuil na healaíona agus an cultúr ina ndlúthchuid de shaol na hÉireann, agus aithníonn sé go bhfuil gá ann an rochtain ar na healaíona, agus an rannpháirtíocht iontu, a mhéadú, chun ár dtionscail chruthaitheach a fhorbairt, agus chun ár n-oidhreacht a chaomhnú ag díriú ach go háirithe ar ár dteanga, ár dtírdhreach, agus ár dtimpeallacht. 

Tá an comhoibriú ina phríomhphrionsabal de chlár Éire Ildánach – comhoibriú idir an rialtas lárnach agus áitiúil, idir an cultúr agus an tionscal, idir ealaíontóirí agus lucht déanta polasaithe – chun timpeallacht chruthaitheach a chur chun cinn.  Mar chuid den phróiseas seo tá Straitéisí Cultúir agus Cruthaitheachta 5 bliana áitiúla (2018-2022) curtha le chéile ag na hÚdaráis Áitiúla ar fad - tá na sonraí ar fad faoi sin thíos.

Is foinse eolais iontach faoin gClár é an suíomh gréasáin http://creative.ireland.ie. Cliceáil anseo chun an rannán a bhaineann le Contae Chorcaí a fheiceáil, rannán a thugann sonraí faoi na hócáidí, tionscadail agus tionscnaimh éagsúla atá ar siúl.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta 2018–2022 Chontae Chorcaí 2018-2022 (pdf) a fheiceáil nó a íoslódáil.

Achoimre ar an Doiciméad