Business man and women sitting at desk with laptop

Oifigí Fiontair Áitiúla Chomhairle Contae Chorcaí

 

Tá sé mar aidhm againn fiontraíocht a chur chun cinn, gnólachtaí nuathionscanta inbhuanaithe a chothú agus micreaghnólachtaí agus gnólachtaí beaga atá ann cheana a fhorbairt chun cruthú poist a spreagadh agus chun tacaíochtaí inrochtana ardchaighdeáin a sholáthar do do smaointe gnó.

Tugtar tacaíocht d'Fhiontraithe agus do Ghnólachtaí chun:

Easpórtálacha a mhéadú

Teacht aniar a thógáil

Táirgiúlacht a mhéadú

Ullmhú don gheilleagar ísealcharbóin

Dul i mbun na nuála

A bheith á mbainistiú ag daoine aonair uaillmhianacha agus cumasacha

Fás réigiúnach a spreagadh

Roinnt Uimhreacha

Tacaíocht d'Fhiontar 2014-2021

€7,935,532 i gCeadú Deontais do 474 Tionscadal.
19,223 Duine a ghlac páirt i 1,217 Clár Oiliúna.
6,161 Rannpháirtí sa Mheantóireacht.
2,271 Post de Bhreis le 5 bliana anuas.

Príomhthacaíochtaí Airgeadais

Iasachtaí ó MicroFinance Ireland.
Deontas Féidearthachta.
Deontas Prímeála.
Deontas um Leathnú Gnó.
Dearbhán Trádála ar Líne.
Deontas um Chúnamh Teicniúil do Mhicreaspórtálaithe.
An Ciste um Nuálaíocht Shofhreagrúil.
Microfinance Ireland.

Oiliúint

Cláir 'Do Ghnó Féin a Chur ar Bun'.
Clár Meantóireachta.
Cláir Oiliúna Gnó.

Clár Forbartha Bainistíochta

Green for Micro.
LEAN for Micro.
GradStart.
Tacaíochtaí Easpórtálacha.