Camden For Meagher Aerial

Dún Camden Uí Mheachair

Fáilte go Dún Camden Uí Mheachair

Tá aithne ar Dhún Camden Uí Mheachair go hidirnáisiúnta mar “Ceann de na samplaí is fearr atá fágtha ar domhan de Dhún Airtléire Cósta clasaiceach”. Le níos mó ná 400 bliain, bhí ról lárnach ag an dún mar phointe straitéiseach láidir i gcosaint na hÉireann agus chósta thiar Shasana agus na Breataine Bige. Tá 65% den dún faoi thalamh i gcathair ghríobháin de tholláin agus de sheomraí. Áit iontach é Dún Uí Mheachair chun súil a choinneáil ar longa a bhíonn ag déanamh a mbealach trí Chuan Chorcaí, an dara cuan nádúrtha is mó ar domhan. Is san Oirthear Ársa atá Dún Camden Uí Mheachair suite agus níl sé ach 20 nóiméad ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn glaoigh ar an uimhir 0212298558 nó seol r-phost chuig camdenfortmeagher@corkcoco.ie