Rialachas agus Riarachán

Cuir Baile ar fáil, Tabhair Dóchas don Úcráin

An bhfuil teach, árasán nó teach saoire agat nach bhfuil in úsáid faoi láthair? Le do thoil, smaoinigh ar é a chur ar fáil dóibh siúd atá ag éalú ón gcogadh san Úcráin.

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag achainí do thairiscintí ionad réadmhaoine nach bhfuil cónaí iontu chun tithe sealadacha a chur ar fáil do dhaoine agus teaghlaigh ón Úcráin. 

Is cuid de thionscnamh rialtais nua é an t-éileamh seo, faoi cheannaireacht na n-údarás áitiúil.

Tá íocaíocht aitheantais saor ó cháin €800 in aghaidh na míosa ar fáil d'ionaid réadmhaoine atá in úsáid chun cóiríocht a chur ar fáil dóibh siúd atá ag teacht ón Úcráin. Is ráta íocaíochta méadaithe é seo a chuirfear i bhfeidhm ón gcéad lá de Mhí na Nollag, 2022.

Faoin gclár nua, glacfaidh Comhairle Contae Chorcaí le tairiscintí ar thithe, árasáin nó tithe saoire le haghaidh cóiríochta sealadaí, rachaidh siad i gcomhairle le húinéirí chun oiriúnacht a mheas, agus eagróidh siad d'úsáid na ndaoine agus na dteaghlach ón Úcráin.

Is féidir úinéirí réadmhaoine tithe a thairg ag  OfferAHome.ie nó tríd an gcnaipe thíos a bhrú.

Má tá cabhair ag teastáil uait agus tú ag cur do réadmhaoin ar fáil is féidir dul i dteagmháil le Comhairle Contae Chorcaí trí ríomhphost ar  offerahome@corkcoco.ie nó trí ghlaoch a dhéanamh ar 021 4386637.

Tabhair do d'aire, ní éileamh é seo d'ionaid réadmhaoine roinnte. Má tá réadmhaoin nó seomra agat atá roinnte, le do thoil, déan teagmháil le Irish Red Cross.

Cad atá i gceist?

Céim 1

Cuir do Bhaile ar fáil ag OfferAHome.ie.

Céim 2

Rachaidh Comhairle Contae Chorcaí i dteagmháil leat chun sonraí breise faoin réadmhaoin a dhearbhú, an próiseas a phléigh leat agus aon cheist atá agat a fhreagairt.

Céim 3

Má tá tú sásta dul ar aghaidh, agus má tá do réadmhaoin oiriúnach, socróidh Comhairle Contae Chorcaí measúnú a dhéanamh ar an réadmhaoin. Déantar é seo mar go gcaithfidh na hionaid réadmhaoine íoschaighdeáin áirithe a bhaint amach agus cabhraíonn an measúnú seo le cinntiú go bhfuil an t-údarás áitiúil in ann an duine nó an teaghlach is fearr a fháil don réadmhaoin.

Céim 4

Cuirfidh Comhairle Contae Chorcaí ar an eolas thú má bhaineann an réadmhaoin an caighdeán riachtanach amach.

Má bhaineann an réadmhaoin an caighdeán riachtanach amach, tosóimid ar an obair chun an réadmhaoin a mheaitseáil leis an duine Úcránach nó an teaghlach Úcránach is oiriúnaí atá lóistín ag teastáil uathu.

Mura mbaineann an réadmhaoin na caighdeáin riachtanacha amach, tabharfaimid eolas breise ar na fadhbanna a bhí i gceist agus conas dul i ngleic leo.

Céim 5

Nuair a aimsítear duine nó teaghlach Úcránach atá oiriúnach agus má aontaíonn siad go bhfuil siad ag iarraidh an tairiscint a ghlacadh, cuirfidh Comhairle Contae Chorcaí ar an eolas thú agus éascóimid teagmháil idir tú féin agus an duine nó an teaghlach.

Chomh maith leis sin, cuirfimid teimpléad comhaontaithe ceadúnais ar fáil duit. Is féidir leat é a athrú má tá tú ag iarraidh nó is féidir é a shíniú leis an tairbhí sula mbogann siad isteach.

I ndiaidh bogadh isteach agus le linn na tréimhse cónaithe

Ar feadh an tsocraithe, beidh Comhairle Contae Chorcaí i dteagmháil leat agus leis an duine nó teaghlach Úcránach agus tabharfaidh siad tacaíocht más gá.

Tá eolas breise le fáil ag OfferAHome.ie.