Airgeadais

Eolas do Thiománaithe Míchumasaithe agus do Phaisinéirí Míchumasaithe

Eolas do Thiománaithe Míchumasaithe agus do Phaisinéirí Míchumasaithe

Cuireann an Scéim um Thiománaithe Míchumasaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe réimse faoiseamh cánach ar fáil atá ceangailte le ceannach agus úsáid feithiclí ag tiománaithe agus paisinéirí míchumasaithe in Éirinn.

Tá foirm iarratais ar fáil ó

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim,

Rannóg na nDaoine Faoi Mhíchumas,

Lároifig na nAisíocaíochtaí,

M: TEK II Building,

Bóthar Ard Mhaca,

Muineachán

Cuir glaoch ar 01 7383671 nó seol ríomhphost trí myaccount ar revenue.ie

Cárta Páirceála do Dhaoine Míchumasaithe

Is do dhaoine míchumasaithe an Cárta seo (a bhfuil lógó an AE air), is cuma an tiománaithe nó paisinéirí iad, agus tugann sé cead dóibh páirceáil i limistéir shainithe.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó:

Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann,

Lárionad Náisiúnta Soghluaiseachta,

Bóthar Ballinagappa,

Claonadh,

Co. Chill Dara. 

Seo a leanas an uimhir theagmhála: (045) 893094

Cumann na hÉireann do Thiománaithe faoi Mhíchumas,

Baile an Daighin,

Clár Chlainne Mhuiris,

Co. Mhaigh Eo. 

Seo a leanas na huimhreacha teagmhála: (094) 9364266 agus (094) 9364054