Oidhreacht agus Caomhnú

Oidhreacht Ailtireachta

Oidhreacht Thógtha i gCorcaigh

Tá 1481 déanmhas ar Thaifead ar Dhéanmhais Chosanta i bPlean Forbartha an Chontae.

I measc na ndéanmhas sin, tá droichid, tithe móra, aghaidheanna siopaí, oifigí poist, tithe geata, agus foirgnimh ó na 1500idí go dtí na 1990idí. Aithnítear agus liostaítear 44 Limistéar Caomhantais Ailtireachta i bPlean Forbartha an Chontae, 2014.



Tá suirbhé an Fhardail Náisiúnta um Oidhreacht Seandálaíochta (FNOS) beagnach réidh don chontae, níl ach Corcaigh Lár fágtha, agus tá na suirbhéanna sin tar éis an-chuid láithreán a bhfuil tábhacht seandálaíochta ag baint leo a nochtadh ar fud an chontae cheana féin. Féadfar sonraí ar na suirbhéanna a rinneadh ar Chorcaigh Thiar, Chorcaigh Thoir agus Chorcaigh Thuaidh a rochtain anseo.

An tAonad Oidhreachta agus an Oidhreacht Thógtha

Tá an tAonad Oidhreachta tar éis ról an-tábhachtach a bheith acu maidir le hoidhreacht thógtha a chur chun cinn agus a chosaint i gContae Chorcaí. Agus Oifigeach Caomhantais tiomnaithe ann, déantar tograí forbartha a mheas go mion chun a dtionchar, más ann dó, ar ár n-oidhreacht thógtha a thomhas agus tá an tOifigeach Caomhantais tar éis maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Scéime Deontais Caomhantais ar fud an chontae ar feadh roinnt mhaith blianta freisin.

Thacaigh an tAonad Oidhreachta le tionscadail agus tograí éagsúla Oidhreachta Tógtha i gcaitheamh na mblianta; amhail seimineáir ar Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCAanna) agus ar dhéanmhais chosanta, agus treoirlínte a ullmhú ar LCAanna a fhorbairt agus a bhainistiú.

Reachtaíocht Ábhartha

An phríomhreachtaíocht a thugann cosaint dár n-oidhreacht thógtha is ea an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 .Déanann an tAcht sin foráil maidir le Déanmhais thábhachtacha a liostáil i bPleananna Forbartha Contae chun go gcothófar iad.



Seo a leanas achoimre ar phríomhphointí an Achta:

  • Ceanglaítear ar údaráis phleanála Thaifead ar Dhéanmhais Chosanta a choimeád, laistigh den limistéar arna chlúdach ag an bplean.
  • Caithfidh na déanmhais a bheith spéisiúil ar chúis ar leith ó thaobh na hailtireachta, na staire, na seandálaíochta, na n-ealaíon, na heolaíochta, na sochaí nó ó thaobh cúrsaí teicniúla de.
  • D'fhéadfadh údaráis áitiúla a iarraidh ar úinéirí/áititheoirí oibreacha a dhéanamh ar dhéanmhas chun nach gcuirfear i mbaol é nó chun nach leanfar dá chur i mbaol.
  • D'fhéadfadh an t-údarás áitiúil, ar a rogha féin, cabhrú leis na hoibreacha a chur i gcrích, i bhfoirm chomhairle, chúnaimh airgeadais, ábhar agus threalaimh nó foirne.
  • Féadfaidh údaráis áitiúla seilbh a ghlacadh ar dhéanmhais chosanta trí chomhaontú nó ordú ceannaigh éigeantaigh (OCÉ), má mheasann siad gur gá déanamh amhlaidh, d'fhonn an déanmhas a chosaint.
  • Déanann an tAcht foráil freisin maidir le Limistéir Chaomhantais Ailtireachta a ainmniú.

Ar reachtaíocht agus comhaontais ábhartha eile, tá:

(Coinbhinsiún Granada), Sraith Chonarthaí Eorpacha uimh.121, 1985

Acht na hOidhreachta Ailtireachta (Fardal Náisiúnta) agus na Séadchomharthaí Stairiúla (Forálacha Ilghnéitheacha),1999

Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 agus na leasuithe arna ndéanamh i 1954,i  1987, i 1994 agus in 2004

An tAcht Oidhreachta, 1995

 

Doiciméid Chomhairleach ar Oidhreacht Thógtha