Rialachas agus Riarachán

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Buiséad

Glacann an Chomhairle leis an mBuiséad ag an gcruinniú Buiséid Bhliantúil. Is féidir an cruinniú a chur ar athló ach caithfear glacadh leis an mBuiséad laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta chruinniú an Bhuiséid. 

Tionóltar an cruinniú go hiondúil i mí na Samhna gach bliain, ach is é an tAire a leagann síos an tréimhse a gcaithfear an cruinniú a thionól laistigh de.

Foilsítear fógra ar a laghad seacht lá roimh an gcruinniú i nuachtán náisiúnta a chuireann an iúl an dáta a mbeifear ag tionól chruinniú an bhuiséid. Féach an nasc thíos le do thoil do Leabhair Buiséid:

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Leabhar Buiséid do 2024 (pdf)

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Leabhar Buiséid do 2023 (pdf)

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Leabhar Buiséid do 2022 (pdf)

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Leabhar Buiséid do 2021 (pdf)

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Leabhar Buiséid do 2020 (pdf)

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Leabhar Buiséid do 2019 (pdf)

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Leabhar Buiséid do 2018 (pdf)

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh & Leabhar Buiséid do 2017 (pdf)

Ullmhaítear an Buiséad san fhormáid a leagann an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil síos agus socraíonn sé an caiteachas a bheidh ar an gComhairle le seirbhísí éagsúla a chur ar fáil agus an t-ioncam a bhaineann leis na seirbhísí sin a mhaoiniú. Is iad na príomhréimsí seirbhíse ná tithíocht, iompar, seirbhísí uisce (go príomha faoin gComhaontú Seirbhíse le hUisce Éireann), pleanáil, fiontraíocht, comhshaol, caitheamh aimsire agus taitneamhacht ar a n-áirítear páirceanna, leabharlanna, spóirt, oidhreacht agus na healaíona. Déanann an buiséid ioncaim soláthar do chaiteachas reatha nó caiteachas ó lá go lá maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil.

Déanann foinsí ioncaim éagsúla maoiniú ar chaiteachas ioncaim, is iad sin:

  • Rátaí Tráchtála
  • An Cháin Mhaoine Áitiúil
  • Deontais Rialtais Shonracha
  • Táillí agus muirir ar Earraí agus ar Sheirbhís

An Cháin Mhaoine Áitiúil

Déanann an tAcht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (arna Leasú), foráil sonrach gur féidir le comhaltaí tofa údarás áitiúil rún foirmiúil a rith chun ráta bunúsach na Cánach Maoine Áitiúla a athrú dá gceantar riaracháin trí chéatadán ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil.

Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh Comhairle Contae Chorcaí ráta bunúsach na Cánach Maoine Áitiúla a ardú nó a ísliú d'uasmhéid +/-15% nó é a fhágáil gan athrú.

Caithfidh an Chomhairle an t-ábhar a mheas go bliantúil agus iarann sí ar an bpobal aighneachtaí a chur isteach maidir leis an éagsúlacht trí fhógra a chur i nuachtán náisiúnta. Ritheann an tréimhse comhairliúcháin poiblí go hiondúil ó lár mhí an Mheithimh go lár mhí Lúnasa agus déantar an cinneadh ag Cruinniú na Comhairle i mí Mheán Fómhair.

Clár Caipitil

Chomh maith leis an mBuiséad a dhéanann soláthar do chaiteachas reatha, ullmhaíonn an Chomhairle Clár Caipitil Trí Bliana a ndéantar athbhreithniú bliantúil air agus déanann sí soláthar do thionscadail caipitil. Is é an cuspóir ná déileáil le heasnaimh bhonneagair aitheanta chun tacú le forbairt sa chontae agus í a spreagadh agus ina theannta sin cuimsíonn sé raon tionscadal spóirt, caitheamh aimsire agus pobail.