Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Rátaí Rialtais Áitiúil & Nithe Eile 2019 arna leasú

FÓGRA I DTAOBH RÁTAÍ TRÁCHTÁLA A THOBHACH

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO faoi alt 3(1) de Rialacháin Rátaí Rialtais Áitiúil (Gnásanna Airgeadais) 2023 gur glacadh le Ráta Bliantúil ar Luacháil (RBL) de 79.68 do 2024 ag cruinniú buiséid an údaráis áitiúil thuasluaite a tionóladh an 27 Samhain 2023.

Beidh an ráta arna ríomh faoi alt 4(1) den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019, arna leasú, dlite agus iníoctha ón 1 Eanáir 2024.

Sínithe: Valerie O'Sullivan
Príomhfheidhmeannach
Comhairle Contae Chorcaí,
Halla an Chontae,
Corcaigh.

Foilsithe 
Dáta: 12 Eanáir 2024

An tAcht um Rátaí Rialtais Áitiúil & Nithe Eile 2019 – arna leasú

Faoin reachtaíocht nua atá leagtha amach san Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil & Nithe Eile 2019 arna leasú, tá roinnt athruithe ar siúl a rachaidh i bhfeidhm ar gach Íocóir Rátaí ó 2024 ar aghaidh. Is iad na cinn is suntasaí díobh seo ná:

  • Ag tosnú in 2024, tá Rátaí Tráchtála dlite anois ón 1 Eanáir agus iníoctha mar mhuirear aonair.

Tuigeann Comhairle Contae Chorcaí go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an athrú seo ar shreabhadh airgid i gcás roinnt gnólachtaí mar go raibh Rátaí iníoctha roimhe seo i 2 pháirt. Mar sin, féadfaidh Íocóirí Rátaí a íoc i 2 thráthchuid fós, laistigh den fhráma ama chéanna agus roimhe seo. Chomh maith leis sin déanann roinnt Íocóirí Rátaí comhaontuithe le Comhairle Contae Chorcaí agus déanann siad íocaíochtaí tréimhsiúla i rith na bliana chun a ndliteanas Rátaí a urscaoileadh. Leanfar leis an gcleachtas seo in 2024.

  • Beidh éifeacht láithreach anois le leasuithe ar an liosta luachála i.e.
  1. Athbhreithnithe
  2. Breiseanna & Athruithe
  3. Achomhairc (An Binse Luachála & Cúirteanna)
  • Beidh foráil ann anois do dhliteanas pro-rata agus billeáil sa chás go dtagann deireadh le gairm bheatha nó nuair a thosnaíonn sé i lár na bliana.
  • Ar mhodh réamhfhógra agus de réir na reachtaíochta nua, beidh táillí úis infheidhmithe ón 1 Eanáir 2026 ar rátaí neamhíoctha 2025.

Billí Rátaí Tráchtála. Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil in am trátha.

  • Cuid 10 - Bunachar sonraí de mhaoine ábhartha - Ceanglaítear ar Íocóir Rátaí fógra a thabhairt don údarás áitiúil laistigh de 10 lá má thagann siad ar an eolas go bhfuil faisnéis mhícheart á coinneáil ag an údarás áitiúil. Is é an pionós as sárú an cheanglais seo, gan leithscéal réasúnach, ná a bheith ciontach i gcion agus a bheith faoi dhliteanas, ar chiontú achomair, fíneáil Aicme A. Is éard atá i bhfíneáil Aicme A ná fíneáil nach mó ná €5,000.
  • Alt 11 - Dualgas ar íocóir rátaí a chur in iúl d'údarás áitiúil más rud é..:
  1. Nach bhfuil siad ina dhuine dliteanach a thuilleadh,
  2. Gur dhuine dliteanach anois iad,
  3. Go bhfuil athrú tagtha ar a stádas mar dhuine dliteanach

Is é an pionós as sárú an cheanglais seo, gan leithscéal réasúnach, ná a bheith ciontach i gcion agus a bheith faoi dhliteanas, ar chiontú achomair, fíneáil Aicme A. Is éard atá i bhfíneáil Aicme A ná fíneáil nach mó ná €5,000.

  • Alt 13 - Rátaí a íoc ar dhíol maoine iomchuí

Ceanglaítear ar dhuine dliteanach a bheartaíonn maoin ábhartha a dhíol aon rátaí agus ús fabhraithe atá dlite agus iníoctha i leith na maoine sin ina cháil mar dhuine dliteanach ar nó roimh chríochnú an díola a íoc leis an údarás áitiúil. Is é an pionós mar gheall ar an gceanglas seo a shárú, gan leithscéal réasúnach, a bheith ciontach i gcion agus a bheith faoi dhliteanas, ar chiontú achomair, fíneáil Aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an dá rud. Is éard atá i bhfíneáil Aicme A ná fíneáil nach mó ná €5,000.

  • Alt 14 – Rátaí neamhíoctha a bheith ina muirear ar mhaoin iomchuí.

Fanann aon rátaí agus ús fabhraithe atá dlite agus iníoctha i leith maoine ag úinéir ina cháil mar dhuine dliteanach ina muirear ar an maoin.

Is duine dliteanach de réir alt 4(4)(a) (i) áititheoir na maoine iomchuí ar an gcéad lá den bhliain airgeadais áitiúil; (ii) má tá an mhaoin iomchuí neamháitithe ar an dáta sin, an duine atá i dteideal, de thuras na huaire, an mhaoin a áitiú ar an dáta