Airgeadais

Aisíocaíochtaí Mótarchánach

Ní mór gach iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar an bhFhoirm RF120 (pdf) agus an fhoirm a stampáil ag Stáisiún áitiúil na nGardaí.  Ba cheart go mbeadh do dhiosca mótarchánach forghéillte in éineacht leis an bhFoirm.  Ba cheart go mbeadh trí mhí cánach neamhéaga fágtha ar an diosca nuair a fhorghéilltear é. 

Ní cháileoidh feithicil nach bhfuil in úsáid ónar eisíodh an diosca mótarchánach d'aisíocaíocht ach amháin má ghéilltear an diosca díreach tar éis a eisiúint.  

Ní cháilíonn feithicil atá "curtha ón mbóthar" d'aisíocaíocht. 

  • Diosca cánach – má tá sé seo in easnamh ní mór go ndéanfaí Foirm RF134 (pdf) a shíniú agus a stampáil freisin ag Stáisiún áitiúil na nGardaí.
  • Dearbhú Ceadúnaithe Feithiclí/Dearbhú Cláraithe Feithiclí nó Logleabhar ach amháin más rud é gur scrapáladh an fheithicil roimhe seo.  Má tá an doiciméad seo in easnamh, caithfear Foirm RF134 (pdf) a shíniú agus a stampáil freisin ag Stáisiún áitiúil na nGardaí.

Samplaí de na Doiciméid thacaíochta atá ag teastáil chun Aisíocaíocht a fháil

  • Ní mór Dearbhú Scriosta ó Áis Chóireála Údaraithe (ÁCÚ) a chur leis don aisíocaíocht feithicil scrapáilte.  De rogha air sin, litir ón gCuideachta Árachais ar pháipéar ceannteidil, a mhaíonn gur "feithicil dhíscríofa" i gCatagóir A nó B an fheithicil.  Ní cháilíonn "feithiclí díscríofa" Chatagóir C.
  • Tuairisc ó na Gardaí – tá an tuairisc seo riachtanach más rud é gur goideadh an fheithicil.
  • Doiciméid Easpórtála – D'fheithiclí a seolfar amach ón stát go buan, ní mór cruthúnas easpórtála a sholáthar.  Ba cheart go gcuirfeadh sé sin na rudaí seo in iúl: an dáta, clárú/díchlárú na feithicle agus an tír easpórtála.
  • Teastas Dochtúra Breoiteachta – Tá teastas dochtúra breoiteachta ag teastáil chun an tréimhse nach raibh an fheithicil á húsáid mar gheall ar bhreoiteacht/ghortú a chumhdach.
  • Litir ó na Fórsaí Cosanta/ó Fhostóir/ó Chomhghleacaí – Ba cheart don litir sin na dátaí a raibh tú as láthair ón Stát a chur in iúl.