Airgeadais

Feithiclí Díolmhaithe

Tá na feithiclí seo a leanas díolmhaithe ó Mhótarcháin:

  • Feithiclí faoi Úinéireacht Stáit
  • Feithiclí Taidhleoireachta
  • Feithiclí atá díolmhaithe faoi na Rialacháin um Thiománaithe Míchumasaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach) 1994 (I.R. Uimh. 353 de 1994)
  • Feithiclí (lena n-áirítear aon rothar le feisteas chun a ghluaiste ar mhodh meicniúil) nach mó a mheáchan neamhualaithe ná 400 cileagram arna oiriúnú agus arna úsáid le haghaidh easlán
  • Feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína n-iompar nó trína dtarraingt é) báid tarrthála agus a bhfearas nó aon trealamh chun cabhrú le daoine agus maoin a chaomhnú i gcásanna longbhriste agus guaise ar muir.
  • Feithiclí nach n-úsáidtear ach chun críocha tarrthála sléibhe agus pluaise, feithiclí nach n-úsáidtear ach chun críocha cuardaigh agus tarrthála fo-uisce.
  • Feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína n-iompar nó trína dtarraingt é) innealra déanta bóithre atá comhfheistithe mar chomhpháirt den fheithicil nó atá buan-cheangailte den fheithicil ar shlí eile, nach n-iompraíonn aon ualach seachas earraí agus ábhair nach n-úsáidtear chun aon chríche ach chun bóithre a dhéanamh nó a dheisiú
  • Cairteacha dramhaíola, innill scuabtha nó innill spréite uisce nach n-úsáidtear ach chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh
  • Otharchairr, rollóirí bóthair nó innill dóiteán
  • Feithiclí atá á gcoimeád ag údarás áitiúil agus nach n-úsáidtear ach chun críocha a seirbhíse briogáid dóiteán