Pobal

Líonra Rannpháirtíochta Pobail

Céard é LRP Chontae Chorcaí?

Is éard atá i LRP Chontae Chorcaí ná líonra eagraíochtaí Pobail & Deonacha, Cuimsithe Shóisialta & Comhshaoil a bunaíodh in 2015.

Trí oifig an Chomhordaitheora LRP, coimeádtar Eagraíochtaí is Comhaltaí den LRP ar an eolas maidir le hábhair thábhachtacha amhail na hábhair seo a leanas:

  • Deiseanna maoinithe
  • Comhairliúcháin phoiblí
  • Plan-making
  • Forbairt beartas.

Is féidir le hEagraíochtaí is Comhaltaí den LRP teagmháil a dhéanamh le coistí déanta beartas Chomhairle Contae Chorcaí agus a dtuairimí a chur in iúl trí na hionadaithe LRP ar na coistí sin.

Cláraíonn Eagraíochtaí is Comhaltaí den LRP a gcuid sonraí leis an gComhordaitheoir LRP le cinntiú go gcoimeádtar ar an eolas iad maidir le himeachtaí, oiliúint, maoiniú agus deiseanna eile ar ábhair spéise iad do na hearnálacha Pobail & Deonacha Cuimsithe Shóisialta & Comhshaoil.

Conas a oibríonn sé?

In 2019, d'ainmnigh na heagraíochtaí is comhaltaí ‘Rúnaíocht’ nó grúpa stiúrtha 20 bhall chun maoirseacht a dhéanamh ar riar an LRP. Tagann an Rúnaíocht le chéile ar bhonn rialta chun gnéithe den chaoi a oibríonn an LRP a fhorbairt, amhail Cumarsáid, Oiliúint, Imeachtaí Faisnéise LRP agus ionadaíocht éifeachtach an LRP ar Choistí de chuid an Chomhairle.

In éineacht leis an Rúnaíocht, coimeádtar 37 suíochán d'ionadaithe an LRP ar Choistí déanta beartas Chomhairle Chontae Chorcaí.

Go hachomair, baineann eagraíochtaí is comhaltaí den LRP leas as faisnéis a fháil ar nithe atá ina ábhair spéise dóibh nó a mbíonn tionchar acu orthu agus bíonn an deis acu a thuairimí féin a nochtadh ar leibhéal an rialtais áitiúil freisin.

Céard is féidir le LRP Chontae Chorcaí a dhéanamh do m'eagraíocht?

Tá 900 eagraíocht comhcheangailte le LRP Chontae Chorcaí faoi láthair. San áireamh leo, tá; grúpaí comhshaoil, cumainn chónaitheoirí, grúpaí ICA & IFA, bailte slachtmhara, comhairlí pobail, cóir, grúpaí ealaíon, grúpaí óga, cumainn ghníomhaíochta lucht scoir, clubanna spórt, cumainn oidhreachta & staire, botháin na bhfear, grúpaí tacaíochta uathachais agus tuilleadh nach iad.

Éascaíonn ballraíocht LRP Chontae Chorcaí comhar agus roinnt eolais níos fearr idir eagraíochtaí a bhfuil na leasanna céanna acu agus tugann sé an deis d'eagraíochtaí tionchar a bheith acu ar bheartais ar an leibhéal áitiúil.  Cinntíonn sé freisin go gcoimeádtar d'eagraíocht ar an eolas maidir le himeachtaí, oiliúint, maoiniú agus deiseanna eile do rannpháirtíocht pobail.

Treoir Úsáideora um Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí

Tuilleadh Eolais

Féadfar tuilleadh eolais a fháil ag corkcountyppn.com nó trí teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir LRP ag ppn@corkcoco.ie nó ar (021) 4285340.

Cork County PPN Logo (jpg)