Caisleán Mhala

Téann stair Chaisleán Mhala, atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Chorcaí anois, siar go dtí 1185 nuair a d'ordaigh Seán, Rí Shasana, go dtógfaí an chéad chaisleán i Mala.

In 1282, tháinig sé faoi úinéireacht Iarlaí Dheasumhan. Tar éis Chogaí na nGearaltach ghlac an Bhanríon Eilís seilbh ar an eastáit agus thug sí do Sir Thomas Norrey é in éineacht le Tiarnas Mhala agus sé mhíle ácra den talamh mórthimpeall. Bhí riocht Chaisleán Dheasumhan chomh dona sin in 1585 gur tógadh caisleán nua ar an suíomh céanna.

In 1607, phós Elizabeth Norrey, iníon Sir Thomas agus iníon bhaistí Bhanríon Eilís Sir John Jephson. Bhí cónaí ar shliochtaigh dhíreacha an bheirt sin i gcaisleán Mhala go dtí gur cheannaigh clann McGinn as Washington D.C. é sna 1980idí.

Tá seanfhothrach an chaisleáin ina shéadchomhartha náisiúnta ó 1928. Níl foirgneamh an chaisleáin nua oscailte don phobal faoi láthair ach is féidir cuairt a thabhairt ar fhothracha an tseanchaisleáin agus a thailte áit ar féidir leat na fianna bána uathúla a fheiceáil atá lonnaithe anseo ó 1600. Is cuid de shliocht na bhfianna bána iad seo a thug an Bhanríon Eilís dá hiníon bhaiste Elizabeth Norrey mar bhronntanas.