Oileáin Chontae Chorcaí

Níl aon áit níos fearr le 'héalú' ann ná oileán Éireannach. Tá rud éigin ar leith faoi theacht i dtír ar oileán, cibé an dtagann tú ann ar bhád farantóireachta nó bád eile, ag snámh, nó ar charr cábla — agus tá na roghanna sin ar fad agat i gContae Chorcaí. 

Tá sé ar cheann de na sé chontae sa tír a bhfuil pobal oileáin buan ann, agus tá seacht n-oileán a bhfuil daoine ina gcónaí orthu i ngrúpa Oileáin Iarthar Chorcaí agus tá go leor oileán eile ann, ar féidir breathnú thart orthu, nach bhfuil aon duine ina chónaí orthu.

I measc na n-oileán nach bhfuil aon duine ina chónaí orthu tá Inis Píc atá lonnaithe in áit straitéiseach i gCuan Chorcaí íochtarach, áit a raibh mainistir, daingean agus príosún ann tráth ar na 104 acra atá san oileán, suíomhanna a d'fhág a lorg ar an dara cuan nádúrtha is mó ar domhan. Níl aon duine ina chónaí ach oireadh ar Oileán an Chuilinn ar a bhfuil gairdín álainn a mheallann cuairteoirí ó gach cearn den domhan. Tá na gairdíní leagtha amach ina siúlóidí galánta agus tá samplaí de phlandaí ó go leor áiteanna ar domhan ar fás ann a bhuí go bhfuil an oileán in áit fhoscúil.

Músclaíonn oileáin an taiscéalaí ionainn ar fad, an páiste istigh, an nádúraí, an t-éanbhreathnóir, an siúlóir agus an díthreabhach. Feictear cuid dár dtírdhreach is áille, agus ár ndúlra is flúirsí, idir éin agus míolta móra agus deilfeanna, sna hoileáin agus mórthimpeall ar na hoileáin amach ón gcósta. Sna céadta oileán amach ón gcósta, tá rud éigin a fheilfidh do chách (stair, béaloideas, fána, flóra, an t-aer is úire dá bhfuil ann agus an draíocht a bhaineann le bheith ar oileán).

An tríú deireadh seachtaine i Meitheamh gach bliain, cuireann Oileáin Iarthar Chorcaí fáilte romhat páirt a ghlacadh i bhFéile Bhliantúil Oileáin Iarthar Chorcaí agus a bheith i 'd'Oileánach' ar feadh tamaill. Le praghsanna bád farantóireachta laghdaithe agus lascaine ar go leor gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí saor in aisce, is deis iontach an fhéile, a bunaíodh in 2011, dul thar uisce agus cultúr beomhar na n-oileán a bhlaiseadh atá an-éagsúil ón saol a chaitear ar an mórthír.

Eagraítear gníomhaíochtaí ar na hoileáin, cuid mhór acu a mbaineann muintir na n-oileán féin páirt iontu, lena n-áirítear turais threoraithe, cainteanna stairiúla, gníomhaíochtaí ar an uisce, ceardlanna, taispeántais ealaíne, ceol agus craic, bia agus tuilleadh. Is féidir sult a bhaint as na gníomhaíochtaí sin ar fad agus ag an am céanna a bheith ag siúl ar bhóithríní beaga na n-oileán, chun radharc álainn a fháil ar an Atlantach, gan deifear ar bith a bheith ort, gan chúram ar bith ort seachas súil a choinneáil ar an am nó ar an lá a chaithfidh tú an bád amach a fháil arís.