Rialachas agus Riarachán

Samhail de Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise

Éilíonn Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise an méid is mó eolais agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte inrochtana agus ar bhonn rialta lasmuigh de Shaoráil Faisnéise, agus aird a thabhairt ar phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta atá leagtha amach in Ailt 8(5) agus 11(3) den Acht. Ligeann sé sin taifid a fhoilsiú nó a chur ar fáil lasmuigh de Shaoráil Faisnéise a fhad is nach gcuireann an dlí cosc ar fhoilseachán nó inrochtaineacht den saghas sin. Cuireann an scéim de cheangal ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise eolas a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime.

Féach Scéim Foilseacháin SF Chomhairle Contae Chorcaí thíos le do thoil. Tugann gach nasc sa tábla chuig bileog thú a chuimsíonn eolas ábhartha sa chatagóir chomh maith le naisc le heolas ábhartha ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Chorcaí. Murar féidir leat an t-eolas a theastaíonn uait a fháil anseo, b'fhéidir gur mhaith leat cuardach a dhéanamh ar láithreán gréasáin na Comhairle, nó teagmháil a dhéanamh le hOifig Gnóthaí Corparáide Chomhairle Contae Chorcaí (corporate.affairs@corkcoco.ie, 021-427-6891). Mura bhfuil an t-eolas curtha ar fáil go poiblí ag Comhairle Contae Chorcaí, b'fhéidir gur mhaith leat iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh.

 

Rialaíonn an tAcht Rialtais Áitiúil 2001 gach cinneadh beartais a dhéanann údaráis áitiúla. 

Níl aon eolas ann ag an am seo.