Airgeadais

Doiciméid Chaillte

Is é an tÚinéir Cláraithe amháin ar féidir leis iarratas a dhéanamh ar dhoiciméid chaillte chuig an Oifig Mótarchánach.

Ní mór don iarrthóir Foirm RF134 (pdf) a chomhlánú ag dearbhú cad iad na doiciméid a cailleadh agus ní mór ball den Gharda Síochána a bheith mar fhinné ag an síniú agus an fhoirm a stampáil.

Is iad seo a leanas na táillí (iníoctha le Comhairle Contae Chorcaí):

  • Diosca Mótarchánach Nua – €6.00
  • (Log)leabhar Cláraithe /Deimhniú Cláraithe – €12.00
  • Cárta Ceadúnais Leantóra – €6.00