Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Cork Innovates

Bunaíodh comhpháirtíocht Cork Innovates in 2012 le tacaíocht airgeadais a fuarthas ó chiste um fhorbairt eacnamaíoch (EDF) an dá údarás áitiúil i gCorcaigh. Oibríonn an chomhpháirtíocht i gcomhar le páirtithe leasmhara réigiúnacha lena n-áirítear an rialtas áitiúil, gníomhaireachtaí stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí tacaíochta gnó, fiontraithe agus pobal gnó Chorcaí i gcoitinne chun caidreamh comhoibríoch agus comhlántach a bhunú ar mhaithe leis an bhfiontraíocht i gCorcaigh a chur chun cinn.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.corkinnovates.com.