Inis Píc

Ba í Inis Píc an príosún is mó do choirpigh ar domhan uair amháin, agus inniu is ionad tuarasóireachta agus oidhreachta é a bhfuil duaiseanna móra buaite aige. Má tá tú i gCorcaigh caithfidh tú cuairt a thabhairt ar Inis Píc. Lonnaithe i gCuan Chorcaí, an dara cuan nádúrtha is mó ar domhan, bhuaigh an t-iarshuíomh príosúin atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Chorcaí an gradam 'Europe's Leading Tourist Attraction' ag an ócáid mór le rá, World Travel Awards, in 2017.

Le 1300 bliain anuas bhí Inis Píc ina áit chónaithe ag círéibeoirí agus saighdiúirí dearga, captaein agus coirpigh, chomh maith le manaigh agus mainistreacha, peacaigh agus naoimh.   Bhí Mainistir, Daingean, Príosún agus Tithe Cónaithe lonnaithe ar na 104 ácra áille agus sa lá atá inniu ann níl ort ach turas gearr le radharcanna áille a dhéanamh i mbád farantóireachta ó bhaile oidhreachta an Chóibh le dul i dtír ar an oileán. Chomh luath agus a shroicheann tú an t-oileán, beidh tú i gcomhluadar na scéalaithe is fearr in Éirinn a thabharfaidh léargas iontach duit ar na scéalta pearsanta a bhaineann leis an gcuid uathúil seo den Oirthear Ársa.

Tabhair cuairt ar Fort Mitchell, Daingean réaltchruthach ar 24 ácra atá 200 bliain d'aois agus a tógadh chun impireacht a chosaint. Ba é an daingean an príosún is mó ar domhan sna 1850idí i rith bhlianta an ghorta mhóir. Rinneadh na mílte Éireannach, idir fhir agus mhná, a dhíbirt go dtí Meiriceá agus an Astráil ó phríosún Inis Píc.  Bhain arm agus cabhlach na Breataine agus na hÉireann úsáid as an oileán i gcaitheamh na mblianta go dtí go ndearnadh príosún de arís sna 1980idí.

Inniu, is féidir le cuairteoirí eolas a chur ar an Daingean ollmhór, dul isteach sa bhloc Pionóis míchlúiteach agus sna cillíní príosúin nua-aimseartha, an pháirc ghunnaí is mó in Éirinn a fheiceáil, dul ar thuras tríd na tolláin a théann go dtí gunnaí cosanta an chuain, dul isteach sa phríosún do pháistí a bhí ann tráth agus na 104 ácra de shráidbhailte, tránna agus féaraigh a shiúil.

Glac an turas álainn ar bhád farantóireachta ó Ché Kennedy, An Cóbh, agus foghlaim faoi stair dhochreidte an phríosúin.