Rialachas agus Riarachán

Cosaint Sonraí, Ráiteas Príobháideachta do Chomhairle Contae Chorcaí

Cé sinne agus cén fáth go dteastaíonn do chuid eolais uainn?

Tá faoi Chomhairle Contae Chorcaí forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha Chontae Chorcaí a chur chun cinn agus ar an mbealach sin cabhrú go mór le cáilíocht beatha mhuintir Chontae Chorcaí a fheabhsú.

Is é ceann de phríomhspriocanna Chomhairle Contae Chorcaí ná seirbhísí ar ardchaighdeán a sheachadadh, a bheadh curtha in oiriúint chun freastal ar riachtanais ár saoránach uile, agus tá sé sin ináirithe inár bPlean Corparáide. Ní hamháin go bhfuil leibhéal agus cáilíocht na seirbhísí den scoth sin a thugaimid dár gcustaiméirí ináirithe ar na seirbhísí sin, ach tá na rudaí seo a leanas ináirithe ann freisin: cáilíocht ár bpróisis chinnteoireachta, éifeachtacht agus inniúlacht ár n-oibríochtaí gnó, caighdeán ár n-áiseanna agus ár gcumas dul in oiriúint do thimpeallacht atá ag athrú an t-am ar fad.

Chun go mbeimid in ann an raon seirbhísí is éifeachtaí agus spriocdhírithe a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais ár saoránach, iarrfar ar phobail agus ar ghnóthaí i gContae Chorcaí cineálacha áirithe eolais ar dhaoine agus ar eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid. B'fhéidir go mbeadh 'sonraí pearsanta' i gceist san eolas a iarrtar de réir an mhíniú a thugann Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí an AE ('GPDR') orthu agus b'fhéidir go mbainfidís le húsáideoirí seirbhíse atá ann anois, ón am a caitheadh agus amach anseo, ag brath ar na seirbhísí a iarrtar nó a cuirtear ar fáil; fostaithe atá ann anois, ón am a caitheadh agus fostaithe ionchasacha; soláthraithe; agus baill den phobal a d'fhéadfadh dul i mbun cumarsáide lenár bhfoireann.  Ina theannta sin, b'fhéidir go mbeadh ar Chomhairle Contae Chorcaí cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid ó am go ham chun cloí le riachtanais rialála agus reachtaíochta nó ar bhealach eile a bhfuil gá réasúnach leo chun ár bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

Cén fáth go bhfuil ráiteas príobháideachais againn?

Tá an ráiteas príobháideachais seo chomh maith lenár mbeartas fianáin deartha chun cabhrú leat a thuiscint cén fáth a ngabhaimid an t-eolas pearsanta agus an bealach a ndéanaimid é a phróiseáil.

Ta an ráiteas príobháideachais seo cruthaithe ag Comhairle Contae Chorcaí chun an tiomantas daingean atá againn do phríobháideachas a thaispeáint agus a chinntiú duit go ndéanfaimid ár ndícheall leis na sonraí a thugann tú dúinn a choinneáil slán i do chaidreamh ar fad leis an gComhairle.

Cruthaíonn, bailíonn agus próiseálann Comhairle Contae Chorcaí méid suntasach de shonraí pearsanta i bhformáidí éagsúla ar bhonn laethúil. B'fhéidir go mbeadh an t-eolas seo curtha isteach agat trí fhoirmeacha iarratais nó ar ár láithreán gréasáin nó trí chomhfhreagras leat. B'fhéidir go bhfaigheadh muid eolas freisin i do thaobh ó fhoinsí eile ar nós ranna rialtais nó comhlachtaí reachtaíochta eile agus freisin ó thríú páirtithe (baill den phobal san áireamh) agus ó sheirbhísí poiblí nuair is gá.  Tá Comhairle Contae Chorcaí tiomanta maidir leis na sonraí pearsanta a iarrtar ort a chur ar fáil dúinn:

  • Go bhfaightear iad go dleathach, go cóir agus ar bhealach trédhearcach
  • Nach bhfaightear iad ach i gcomhair cuspóirí sainithe, follasacha agus dleathach
  • Go bhfuil siad dóthanach, ábhartha agus teoranta don méid a bhfuil gá leis don chuspóir a bhfuarthas iad
  • Go bhfuil siad taifeadta, stóráilte go cruinn agus slán agus go bhfuil siad coinnithe cothrom le dáta nuair is gá
  • Nach gcoinnítear iad ach chomh fada is a bhfuil gá leis do na cuspóirí a bhfuarthas iad
  • Go bhfuil siad coinnithe i bhfoirm a ligeann don ábhar sonraí a aithint
  • Go bhfuil siad próiseáilte ar bhealach a chinntíonn go bhfuil slándáil chuí ar na sonraí pearsanta a chuimsíonn cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe agus mídhleathach.

B'fhéidir go mbeadh orainn teagmháil a dhéanamh leat uaireanta.  Nuair a chuireann tú sonraí pearsanta ar fáil do Stiúrthóireacht amháin laistigh de Chomhairle Contae Chorcaí, b'fhéidir go roinnfí é le Stiúrthóireachtaí eile laistigh den Chomhairle chomh fada is a bhfuil roinnt inmheánach mar sin ábhartha, comhréireach agus réasúnta riachtanach chun ár bhfeidhmeanna reachtúla a chur i gcrích. 

B'fhéidir go roinnfeadh Comhairle Contae Chorcaí do chuid eolais freisin le heagraíochtaí eile, ar a n-áirítear údaráis agus comhlachtaí poiblí eile, nuair is gá agus nuair atá sé riachtanach de réir dlí infheidhmithe nó nuair a cheadaíonn sé é.  B'fhéidir go roinnfí sonraí pearsanta freisin le próiseálaithe sonraí tríú páirtí atá freagrach as tacú le hoibriúcháin na Comhairle.

Is é an príomhbhonn dlíthiúil le do shonraí pearsanta a phróiseáil ná (i) go bhfuil gá againn leis an bpróiseáil sin chun cloí lenár n-oibleagáidí dlíthiúla agus/nó (ii) go bhfuil gá leis chun ár dtascanna a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó leis an údarás oifigiúil atá dílsithe dúinn a bhaint amach. Ina theannta sin d'fhéadfaimis sonraí a phróiseáil chomh fada agus is gá chun conradh atá déanta leat a chur i bhfeidhm. B'fhéidir go ndéanfaimis sonraí pearsanta a phróiseáil i gcúinsí teoranta le do chead.

Ní choinneoimid do chuid sonraí pearsanta ach a fhad is a bheidh gá againn leo chun ár bhfeidhmeanna a chur i gcrích, agus ansin déanfar iad a scriosadh trí mhodhanna cuí sábháilte.  Ar an drochsheans go mbeadh orainn do chuid sonraí a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ("LEE") ní dhéanfaimid amhlaidh ach amháin nuair is féidir linn an t-aistriú a dhéanamh leis na cosaintí cuí agus nuair atá an ceart dlíthiúil againn é a dhéanamh. 

Chun tuilleadh sonraí a fháil ar na cuspóirí sainiúla ina mbailímid agus ina bpróiseálaimid eolas pearsanta (aon roinnt inmheánach ar na sonraí sin san áireamh) agus ar an mbonn dlíthiúil atá againn leis an mbailiúchán agus an phróiseáil sin, déan teagmháil le do thoil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (tá sonraí teagmhála curtha ar fáil ag bun an Ráitis Phríobháideachais seo).

Beartas um Chosaint Sonraí

Tá Beartas um Chosaint Sonraí mionsonraithe ag Comhairle Contae Chorcaí a thugann breac-chuntas ar bhealach níos sonraithe ar an gcaoi a bhfuil muidne mar údarás poiblí tiomanta chun a chinntiú go gcloímid go hiomlán lenár n-oibleagáidí um chosaint sonraí maidir leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar aon sonraí pearsanta a fhaighimid agus nach mbainimid úsáid as na sonraí sin ach chomh fada is a bhfuil gá réasúnach leis chun ár bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

Cé na sonraí pearsanta a bhfuil gá againn leo?

Is féidir na cineálacha sonraí pearsanta a d'fhéadfaimis a iarraidh ort a chatagóiriú mar a leanas:

  • Do shonraí teagmhála chun go bhféadfaí cumarsáid éifeachtach a dhéanamh;
  • Mionsonraí de do chúinsí pearsanta a bhféadfadh nach mór duit a chur ar fáil dúinn mar chuid de d'iarratas ar sheirbhís a chuireann Comhairle Contae Chorcaí ar fáil;
  • Do chuid mionsonraí airgeadais a bhféadfadh nach mór duit a chur ar fáil dúinn mar chuid de d'iarratas ar sheirbhís a chuireann Comhairle Contae Chorcaí ar fáil.

Sonraí Teagmhála

Ionas gur féidir cumarsáid a dhéanamh leat, iarrfar do chuid sonraí teagmhála ort. Ní gá duit gach sonra teagmhála a chur ar fáil ach á mhéid a gcuirfidh tú ar fáil, amhail ríomhphost, guthán, seoladh, sea is éasca teagmháil a dhéanamh.

Mionsonraí Cúinsí Pearsanta

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar aon tseirbhís ar leith ón gComhairle iarrfar méid éagsúil sonraí pearsanta ort a bheidh sonrach duitse agus do chlann, chun tacú le d'iarratas. Tá an t-eolas a bhfuil gá againn leis leagtha amach ag Comhairle Contae Chorcaí i sraith foirmeacha iarratais ar leith agus shoiléir atá ábhartha do gach seirbhís.

Mionsonraí Airgeadais

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil b'fhéidir go n-iarrfaí méid éagsúil sonraí pearsanta airgeadais ort a bheidh sonrach duitse agus do chlann, chun tacú le d'iarratas. Leagfaidh Comhairle Contae Chorcaí amach an t-eolas a bhfuil gá againn leis i sraith foirmeacha iarratais ar leith agus shoiléir atá ábhartha do gach seirbhís.

Coinneáil Taifead

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na tréimhsí coinneála sonraithe ar na sonraí pearsanta a bhailímid, déan teagmháil le do thoil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí. Tá sonraí teagmhála curtha ar fáil ag bun an Ráitis Phríobháideachais seo.

An Chaoi a gCoinnímid Do Chuid Eolais Slán

Chun do chuid eolais a chosaint bainimid úsáid as bearta slándála oiriúnacha ar a n-áirítear cosaintí ríomhaire agus comhaid agus foirgnimh shábháilte. Tá réimse srianta cibearshlándála agus príobháideachais sonraí bunaithe againn agus tá oiliúint curtha ar fáil dár bhfoireann i gcosaint sonraí. Táthar ag súil leis go gcloífidh gach tríú páirtí a mbeimid ag roinnt sonraí pearsanta leo leis na caighdeáin chéanna a gclóimid leo. Déanfaimid ár ndícheall chun a chinntiú go mbeidh eolas pearsanta coinnithe chomh slán agus is féidir.

Do Chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe agus de réir díolúintí infheidhmithe, maidir le do chuid sonraí pearsanta:

  • an ceart le sonraí pearsanta leat atá againn a rochtain, chomh maith le heolas eile faoinár bpróiseáil ar na sonraí pearsanta sin;:
  • an ceart a iarraidh orainn aon mhíchruinneas in do chuid sonraí pearsanta a cheartú;
  • an ceart a iarraidh orainn do chuid sonraí pearsanta a bhaint amach;
  • an ceart a iarraidh orainn gan do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil a thuilleadh do chuspóirí ar leith;
  • an ceart cur i gcoinne go mbainfimis úsáid as do chuid sonraí pearsanta nó an chaoi a ndéanaimid iad a phróiseáil; agus
  • an ceart do chuid sonraí pearsanta, a chuir tú ar fáil dúinn, a fháil ar ais, i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear de ghnáth agus inléite ag meaisín nó a iarraidh orainn na sonraí sin a chur chuig rialaitheoir eile.

Tabhair do d'aire le do thoil go dtógaimid céimeanna chun d'aitheantas a dheimhniú sula dtugaimid rochtain ar shonraí pearsanta, chun do phríobháideachas a chosaint.

Más mian leat aon cheann de na cearta sin a leanúint, cuir iarratas isteach le do thoil chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí ag tabhairt achoimre ar na mionsonraí ar leith faoin iarratas:

R-phost: dpo@corkcoco.ie

Déanfar gach iarratas bailí a phróiseáil gan rómhoill agus ar aon dul laistigh de mhí amháin ón iarratas a fháil.  B'fhéidir go gcuirfear síneadh dhá mhí bhreise leis an tréimhse seo nuair is gá, ag cur castacht an iarratais nó an líon iarratas eile a fhaighimid ag an am céanna san áireamh.  Más é sin an cás, cuirfimid ar an eolas thú maidir le haon síneadh ama.

Cuirfimid ar an eolas thú i gcúinsí go mbreathnaíonn sé nach bhfuil aon bhunús leis an iarratas nó go bhfuil sé iomarcach, agus sa chás sin socróimid nach nglacfaimid le d'iarratas agus na cúiseanna leis sin nó molfaimid táillí riaracháin de réir an GDPR más mian leat go leanfadh d'iarratas ar aghaidh.

Ceart Gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí

Mura bhfuil tú sásta le toradh an fhreagra a fuair tú ó Chomhairle Contae Chorcaí maidir le d'iarratas, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, agus b'fhéidir go ndéanfadh sé an t-ábhar a fhiosrú duit.

Seo láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí: www.dataprotection.ie nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifig ag:

Uimhir Íosghlao:

1890 252 231

R-phost: info@dataprotection.ie

Seoladh Poist:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Teach na Canála

Bóthar an Stáisiúin

Cúil an tSúdaire, Co. Laoise. R32 AP23.

Fianáin

Is comhaid téacs iad fianáin atá curtha ar do ríomhaire chun eolas logála Idirlín caighdeánach agus eolas ar iompar cuairteoirí a bhailiú. Baintear úsáid as an eolas seo chun úsáid cuairteora ar an láithreán gréasáin a leanúint agus chun tuairiscí staitistiúla ar ghníomhaíocht láithreáin gréasáin a bhailiú.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar ár mBeartas maidir le Fianáin. Is féidir leat do bhrabhsálaí a shocrú chun nach bhfaighidh tú fianáin nó is féidir leat fianáin a bhaint de do bhrabhsálaí. Mar sin féin b'fhéidir nach n-oibreodh cuid dár bhfeidhmeanna láithreáin gréasáin dá bharr i roinnt cásanna.

Láithreáin gréasáin eile

Tá naisc le láithreáin gréasáin eile ináirithe inár láithreán gréasáin. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachais seo ach leis an láithreán gréasáin seo agus leis na seirbhísí á n-oibriú ag an gComhairle. Nuair a dhéanann tú naisc le láithreáin gréasáin eile ba chóir duit a mbeartais phríobháideachais a léamh.

Athruithe ar ár ráiteas príobháideachais

Déanaimid athbhreithniú rialta ar ár ráiteas príobháideachais agus cuirfimid aon nuashonrú ar an leathanach gréasáin seo. Rinneadh nuashonrú ar an mbeartas príobháideachais seo ar an 14 Bealtaine 2018.

Dlí agus Dlínse Rialaithe

Déanann dlí na hÉireann an ráiteas príobháideachais seo agus aon tsaincheist a bhaineann leis an láithreán gréasáin seo a rialú go heisiach agus tá siad faoi réir dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.

An bealach le teagmháil a dhéanamh linn

Déan teagmháil le do thoil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ainmnithe maidir le haon cheist i dtaobh ráiteas príobháideachais Chomhairle Contae Chorcaí nó le beartais um Chosaint Sonraí.

An tOifigeach um Chosaint Sonraí 

R-phost: dpo@corkcoco.ie

Seoladh:

An tOifigeach um Chosaint Sonraí

Ceanncheathrú Chomhairle Contae Chorcaí,

Halla an Chontae,

Bóthar Charraig Ruacháin,

Corcaigh, Éire

Éirchód: T12 R2NC