Seirbhísí Uisce agus Scéimeanna Fóirithinte Tuile

Deontais um Thoibreacha Baile Aonair

Riarann Comhairle Contae Chorcaí na Deontais um Thoibreacha Baile Aonair.

Is é cuspóir na scéime deontais ná cabhrú le sealbhóirí tí atá ag brath ar sholáthair uisce príobháideacha aonair. Cuirtear cúnamh deontais ar fáil nuair a thabhaítear caiteachas,  chun feabhsúcháin a dhéanamh ar an soláthar chun a chinntiú go bhfuil an soláthar uisce fholláin agus glan, nó nach leor an chainníocht a sholáthraítear chun freastal ar riachtanais tís an teaghlaigh.

Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar chúnamh deontais más rud é:

  • Go bhfuil do theach níos sine ná 7 mbliana d'aois
  • Nach bhfuair tú cúnamh deontais le haghaidh Soláthar Uisce Tís sna 7 mbliana roimhe seo
  • Nach bhfuil tú ceangailte le soláthar uisce phoiblí nó nach bhfuil grúpscéim soláthar uisce nó soláthar uisce phoiblí réasúnach ar fáil duit.
  • Áitítear an teach mar do ghnátháit chónaithe.

Maoiniú deontais:

(a) 85% de na costais cheadaithe as oibreacha athshlánaithe tobair, faoi réir uasdheontas de € 3,000;

 Nó

 85% de na costais cheadaithe as tobar nua a sholáthar, faoi réir uasdheontas de € 5,000.

(b) 100% de na costais cheadaithe le haghaidh oibreacha atá riachtanach, dar leis an údarás tithíochta, chun an t-uisce a chóireáil chun na caighdeáin cháilíochta uisce a shonraítear i Rialachán 4 (2) de na Rialacháin um Uisce Óil a chomhlíonadh, faoi réir uasmhéid deontas de € 1,000.

 Ní íocfar deontas faoi na Rialacháin seo i gcás gur lú ná € 750 an costas iomlán.

Ba chóir iarratais ar an deontas seo a dhéanamh chuig Comhairle Contae Chorcaí; trí athbhreithniú a dhéanamh ar na Téarmaí agus Coinníollacha  maidir le deontais chun soláthar uisce príobháideach do theach a fheabhsú agus ansin lean ar aghaidh le ceann amháin den dá rogha seo a leanas:

 

Cliceáil ar an nasc seo a leanas, más mian leat iarratas ar líne a dhéanamh: Iarratas Ar Líne ar Dheontais Tobair Intíre

Cliceáil ar an nasc seo a leanas don Fhoirm PWS1a  (Foirm Iarratais) más mian leat iarratas ar líne a chomhlánú, í a phriontáil agus a phostáil. 

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an Fhoirm Fhíoraithe Saotharlainne a chomhlánú, ( a caithfidh a bheith in éineacht le Teastas Anailíse Uisce), ba cheart duit í a phriontáil agus a phostáil.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an Fhoirm PWS1b (Foirm Éilimh Íocaíochta) a chomhlánú, í a phriontáil agus a phostáil. 

 

Nuair a bheidh d’fhoirm iarratais comhlánaithe agat, seol í, mar aon leis an doiciméadacht tacaíochta ábhartha chuig:

Uisce Tuaithe - Soláthairtí Uisce Príobháideacha,

Seirbhísí Uisce - Airgeadas & Riarachán,

Urlár 10,

Comhairle Contae Chorcaí,

Halla an Chontae,

Chorcaí.

T12 R2NC.

 

Fiosrúcháin:

Ríomhphost:  wellgrants@corkcoco.ie

Tel:  

(021) 4285055(Oirthear) 

(028) 40703 agus (023) 8836961(Iarthair) 

(021) 4285294(Tuaisceart   

(021) 4285146 (Deisceart)

 

Ní bheidh aon oibreacha a dhéantar roimh imscrúdú agus faomhadh Chomhairle Contae Chorcaí i dteideal an deontais seo.

Fógra Príobháideachta

Tá an Roinn Tithíochta, Pleanála agus rialtais Áitiúil tiomanta chuig do phríobháideacht a chosaint agus a urramú. Mínítear san Fhógra Príobháideachta seo an chaoi a bpróiseálfaidh an Roinn, mar an Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di maidir le bainistíocht agus riarachán na scéimeanna cúnaimh airgeadais seo; conas a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus na cearta is féidir leat a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta.

Fógra Príobháideachta