Rialachas agus Riarachán

An Dóigh a Oibríonn do Chomhairle

Cad é Do Chomhairle Contae?

Is í Comhairle Contae Chorcaí an dara Údarás Áitiúil is mó i bPoblacht na hÉireann agus an ceann is mó ó thaobh an limistéir gheografaigh de. Is ionann caiteachas buiséid bhliantúil na Comhairle agus €372m agus í ag freastal ar dhaonra de  332,255, nó 117,742 teaghlach. Is ionann líon reatha na mball foirne agus thart ar 2,000 WTE.

Tá comhaltacht shannta de 55 Chomhairleoir ag an gComhairle agus iad ceaptha chun na Comhairle gach cúig bliana. Is é príomhchuspóir na gComhaltaí Tofa ná beartas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le haghaidh an raoin de sheirbhísí a chuirtear ar fáil. Agus a cuid gnó á dhéanamh aici, bíonn cruinniú ag an gComhairle dhá uair sa mhí mar Chomhairle iomlán agus tá sí roinnte ina trí Choiste Rannáin; An Tuaisceart, An Deisceart agus An tIarthar, a mbíonn cruinniú ag gach ceann acu gach mí.

Tá raon coistí oibre breise ann chun déileáil le réimsí gnó sainiúla agus tugann ocht gCoiste um Beartais Straitéiseacha (CBSanna) ar a bhfuil comhaltaí den Chomhairle agus de chomhlachtaí ionadaíocha seachtracha tacaíocht don Chomhairle ina ról mar dhéantóir beartais. Tá obair na CBSanna á comhordú ag an nGrúpa Beartais Chorparáidigh.

Comhchoistí Póilíneachta

Is í aidhm na gComhchoistí Póilíneachta (CCPanna) ná comhchomhairle agus comhar níos fearr a fhorbairt faoi chúrsaí póilíneachta agus coire idir an Garda Síochána, Údaráis Áitiúla, Baill Thofa agus na hearnálacha pobail agus deonacha.

Tá CCP i ngach ceantar Údaráis Áitiúil.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh níos mó eolais faoi Chomhchoiste Póilíneachta Chontae Chorcaí.

Is féidir eolas breise a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Cad a dhéanann do Chomhairle?

Soláthraíonn an Chomhairle raon leathan seirbhísí, lena n-áirítear:

Cuirtear seirbhísí túslíne ar fáil thar ocht gCeantar Bhardasacha agus iad deartha chun leas gnóthas, cónaitheoirí agus cuairteoirí araon.

Cá bhfuil Do Chomhairle suite?

Tá ceanncheathrú Chomhairle Contae Chorcaí suite i Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Corcaigh, agus í tacaithe ag líonra d’Oifigí Rannáin, Ceantair Bhardasacha agus Oifigí Ceantair ar fud an chontae.

Roghnaigh limistéar aibhsithe ar an léarscáil thíos chun an Ceantar Bardasach agus a Chomhaltaí Tofa bainteacha a fheiceáil.

 

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun Ceantair Bhardasacha Chomhairle Contae Chorcaí agus a gComhaltaí Tofa bainteacha a fheiceáil i bhfuinneog nua.

Cruthaíodh Ceantair Bhardasacha mar chuid den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014, agus tá ocht gcinn díobh i gContae Chorcaí.

Toghann na Ceantair Bhardasacha Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach gach bliain, glacann siad le buanorduithe chun stiúradh cruinnithe a rialáil, glacann siad le sceidil d’oibreacha Bardasacha, tá údarás acu chun feidhmeanna forchoimeádta a chomhlíonadh, déanann siad monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gclár oibre, cuireann siad fáilte roimh thoscaireachtaí, bíonn cruinnithe acu le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile, agus ardaíonn siad, agus pléann siad agus cinneann siad ar ábhair áitiúla atá ábhartha don Cheantar Bardasach.

I measc na seirbhísí a sholáthraíonn na hocht gCeantar Bhardasacha i gContae Chorcaí, tá:

  • Rialú Páirceála
  • Bainistíocht Reiligí
  • Láithreáin Thréigthe agus Struchtúir Chontúirteacha 
  • Deontais Chonláiste
  • Conarthaí Pobail
  • Deontais Chaipitil
  • Bainistíocht Tránna
  • Páirceanna Carbhán agus Campála a Cheadúnú
  • Carranna Tréigthe
  • Páirceanna agus Áiteanna Oscailte.