Rialachas agus Riarachán

Comhchoiste Póilíneachta Chontae Chorcaí

Is é cuspóir na gComhchoistí Póilíneachta (CCPanna) ná comhchomhairle agus comhar níos fearr a fhorbairt faoi chúrsaí póilíneachta agus coire idir an Garda Síochána, Údaráis Áitiúla agus na hearnálacha Pobail agus Deonacha.

Straitéis Sé Bliana Chomhchoiste Póilíneachta 2016-2021

Tugadh Plean Straitéiseach 2016-2021 de chuid Chomhchoiste Póilíneachta Chontae Chorcaí chun críche i mí an Mheithimh 2016. Sa straitéis leagtar amach raon de thosaíochtaí, de chuspóirí straitéiseacha agus de bhearta straitéiseacha tar éis anailíse ar an gcontae agus próiseas fairsing comhchomhairle.  Tá an plean ceaptha le deiseanna a thapú a thagann chun cinn de thoradh uasmhéadú an chomhair idir na gníomhairí lárnacha atá rannpháirteach i sábháilteacht agus slándáil an chontae trí hoibriú ar bhealach comhtháite agus éifeachtúil.  Tá sé ceaptha freisin chun nascadh le pleananna agus straitéisí cuí eile, go háirithe cuspóirí ábhartha na bPleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail a fhreastalaíonn ar Chontae Chorcaí.

Tá an Plean sin ag an gcéim chur i bhfeidhm anois agus bunaíodh foghrúpa feidhmithe in 2017 chun maoirseacht a dhéanamh ar an gcéim sin. 

Cruinnithe

Bíonn cruinnithe ag Comhchoiste Póilíneachta Chontae Chorcaí ceithre huaire sa bhliain agus reáchtáiltear aon chruinniú poiblí amháin gach bliain.

Cláir Oibre agus Miontuairiscí Chruinnithe an CCP

Cáipéisí Eile

Plean Straitéiseach Chomhchoiste Póilíneachta Chontae Chorcaí 2016-2021 (pdf)

Tuarascáil Bhliantúil an Chomhchoiste Póilíneachta 2017 (pdf)

Déan teagmháil le corporate.affairs@corkcoco.ie chun tuilleadh eolais a fháil. 

Bunaíodh CCP reatha Chontae Chorcaí go foirmiúil a  r an 26 Eanáir 2015 agus tá 32 chomhalta ar an gcoiste a tarraingíodh ó cheantar riaracháin Chontae Chorcaí mar seo a leanas:

Comhairle Contae Chorcaí (Comhaltaí Tofa)

An Comhairleoir Cathal Rasmussen, Cathaoirleach

An Comhairleoir Sean O'Donovan, Leaschathaoirleach

An Comhairleoir Ted Lucey

An Comhairleoir Kay Dawson

An Comhairleoir Karen Coakley

An Comhairleoir Kevin Murphy

An Comhairleoir Ian Doyle

An Comhairleoir Michael Looney

An Comhairleoir Gearoid Murphy

An Comhairleoir Frank Roche

An Comhairleoir Ben Dalton O'Sullivan

An Comhairleoir Danielle Twomey

An Comhairleoir Joe Carroll

An Comhairleoir Deirdre O'Brien

Comhairle Contae Chorcaí (Feidhmeannach)

Tim Lucey, Príomhfheidhmeannach

Mairead Lucey, Príomhoifigeach Sinsearach

Comhaltaí an Oireachtais

Deputy Aindrias Moynihan TD. 

Deputy Micheal Moynihan TD. 

Deputy Thomas Gould TD.

Deputy Pádraig O'Sullivan TD.

Líonra Rannpháirtíochta Pobail (LRP) Chontae Chorcaí

Rúnaíocht Láithreán Gréasáin an LRP 

An Garda Síochána

An tArd-Cheannfort Vincent O'Sullivan

An tArd-Cheannfort Thomas Myers