Airgeadais

Plátaí Trádála

Is ionann plátaí trádála agus plátaí clárúcháin speisialta do mhótarthrádálaithe amháin.  Ní cheadaítear do mhótarthrádálaithe na plátaí clárúcháin seo a úsáid ach amháin i gcásanna forordaithe a bhaineann leis an mótarthrádáil.  Téann Ceadúnais (Plátaí) Trádála in éag ar an lá deireanach den mhí inar eisíodh iad, is cuma cén dáta ar eisíodh iad.

Beidh ort a chinntiú go bhfuil Cód Garáiste agat arna eisiúint ag an Aonad Cláraithe Feithiclí (féach thíos).  Nuair atá Cód Garáiste faighte agat, beidh ort na rudaí seo a leanas a sheoladh isteach chuig an Oifig Mótarchánach áitiúil:

  • Foirm Iarratais um Cheadúnas Trádála RF700 comhlánaithe go hiomlán agus sínithe
  • Fianaise scríofa go bhfuil tú cláraithe le haghaidh uimhir Cháin Bhreisluacha (CBL) nó, sa chás nach bhfuil do láimhdeachas os cionn an íosmhéid a éilítear don chlárúchán CBL, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an iarrthóra.
  • Fianaise scríofa go ndearnadh luacháil Chun Críocha Rátála ar áitreabh an iarrthóra nó, más áitreabh nua atá ann nach ndearnadh luacháil air go fóill, fianaise den Chead Pleanála.
  • Dearbhú Árachais reatha, iomchuí do Mhótarthrádálaí, faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (arna leasú).
  • Seo a leanas an Táille Cheart do Phláta Thrádála:

TÁILLÍ CEADÚNAIS (PLÁTAÍ) TRÁDÁLA

Pláta Trádála Gluaisrothair

€59 (pláta singil)

€38 (nua)

Plátaí Trádála le haghaidh Feithiclí Eile

€353 (an péire)

€86 (nua)

 

Cód Garáiste a Fháil

Más gá duit iarratas a dhéanamh ar Chód Garáiste, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an:

An tAonad Cláraithe Feithiclí,

An Rannóg Seirbhísí Ríomhairí do Thiománaithe agus Feithiclí,

An Roinn Iompair,

Turasóireachta agus Spóirt,

Lár Bhaile na Sionainne,

Sionainn,

Co. an Chláir

V14P298

Teileafón: 0818 411 412