Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Taste Cork

Is cuid den iarracht leanúnach leas a bhaint as an 'gcumhacht chomhchoitinn' í Taste Cork, chun a chinntiú go bhfaigheann oidhreacht bhia Chorcaí an aird atá toillte di.



Ar fud an chontae, tá rogha tionscnamh oiliúna agus margaíochta hia ríthábhachtach ar bun agus anois, tríd an mbranda Taste Cork, beidh na cláir sin in ann tairbhe a bhaint as naisc agus feiceálacht fheabhsaithe.



Cibé an oiliúint nó líonrú nó comh-mhargaíocht atá i gceist, is é ár bpríomhchuspóir oibriú le chéile chun ár earnáil bhia luachmhar a chur chun cinn agus a fhorbairt.



Le tacaíocht ó thomhaltóirí áitiúla, ceannaitheoirí trádála agus táirgeoirí bia (in éineacht le tacaíochtaí ó Oifigí Fiontair Áitiúla i gCorcaigh, Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí, agus gníomhaireachtaí stáit eile), déanaimid iarracht leanúnach earnáil bhia Chorcaí atá faoi bhláth a chur chun cinn agus a spreagadh. Ar deireadh, is é cuspóir Taste Cork ná cabhrú leis an gcontae a stádas iontach mar bhranda bia aitheanta a fhorbairt.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.tastecork.com.