Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

An Oifig Luachála agus Réadmhaoin Tráchtála a Luacháil

An Oifig Luachála a mheasann agus a chinneann Luacháil Inrátaithe réadmhaoine. Is í an Oifig Luachála gníomhaireacht luachála réadmhaoine an stáit agus i mBaile Átha Cliath atá sí lonnaithe. Is é a príomhchúram réadmhaoin a luacháil le haghaidh rátaí tráchtála. Tá an Oifig Luachála go hiomlán neamhspleách ar na hÚdaráis Áitiúla.

Cinneann an Oifig Luachála cibé acu ar cheart do réadmhaoin a bheith inrátáilte agus, má tá sí inrátáilte, luacháil inrátaithe chuí na réadmhaoine. Ní gnách go ndéanfaidh an Oifig Luachála measúnú nó athmheasúnú ar stádas inrátáilte nó ar luacháil inrátaithe réadmhaoine ach ar bhonn Iarratas ar Luacháil a Athbhreithniú. Ní mheasfar iarratas ach amháin má bhíonn athrú ábhartha ar chúinsí ón luacháil dheireanach ar an réadmhaoin.

Cé ar féidir leo iarratas a dhéanamh ar luacháil réadmhaoine a athbhreithniú nó a athrú?

  • Úinéir nó áititheoir aon réadmhaoine
  • Páirtí leasmhara réadmhaoine maidir leis an réadmhaoin sin
  • An tÚdarás Áitiúil
  • Féadfar an Coimisinéir athbhreithniú a iarraidh freisin. 

Féadfar Iarratais ar Luacháil a Athbhreithniú  a dhéanamh trí shaoráid ar líne an Choimisinéara Luachála/na hOifige Luachála  anseo. Gearrfar táille €250.



Conas a oibríonn an próiseas luachála?

Ceapann an Coimisinéir Luachálaí chun an réadmhaoin a mheas. 

Agus an réadmhaoin measta, cuireann an Luachála an t-áititheoir ar an eolas, le dréachtdheimhniú luachála, faoin gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige nó aici an luacháil a chinneadh. Cuireann sé nó sí foirm uiríll ar fáil don áititheoir freisin.

Tá sé de cheart ag an t-áititheoir uiríll a dhéanamh laistigh de 40 lá ó dháta eisithe an Dréachtdheimhnithe Luachála. 

Tar éis na huiríll a mheas, eisíonn an Luachálaí Deimhniú Deiridh Luachála don áititheoir. Cuireann sé nó sí an tÚdarás Áitiúil ar an eolas maidir lena chinneadh nó lena cinneadh freisin.

Ta feidhm ag an luacháil chun críoch rátála agus tobhach, in ainneoin aon achomhairc.

I gcás réadmhaoine nua, tá Tobhach Réadmhaoine iníoctha ón Dáta Éifeachta Luachála ar an Deimhniú go deireadh na bliana. I gcás réadmhaoine atá ann cheana agus réadmhaoine a fheabhsaítear, tá feidhm ag an luacháil chun críoch rátála ón gcéad bhliain rátaí eile. (féach an cheist ar an Tobhach Réadmhaoine le haghaidh tuilleadh faisnéise)

Tá Treoir ar an bPróiseas luachála ar fáil ó Shuíomh Gréasáin na hOifige Luachála - anseo

An féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh luachála?

Is féidir. Féadfar páirtí míshásta achomharc a dhéanamh os comhair an Bhinse Luachála laistigh de 28 lá ó dháta éisithe an Deimhnithe Luachála. Tá táillí le híoc. Ní mór don achomharc a bheith i scríbhinn, ní mór an bonn achomhairc a shonrú ann agus ní mór an táille chuí a chur san áireamh leis.  Mura bhfuiltear sásta le toradh an achomhairc, féadfar achomharc deiridh a dhéanamh os comhair na hArd-Chúirte ar bhonn ‘cháis shonraithe’, i.e. ar phointe dlí amháin.

 

Tá Treoir ar an bPróiseas achomhairc luachála ar fáil ó Shuíomh Gréasáin an Bhinse Luachála - anseo. Tá Treoir ar na Ceisteanna Coitianta (CCanna) curtha ar fáil ag an mBinse - anseo

 

Foirm um Achomharc os comhair an Bhinse Luachála

Treoir maidir leis an bhFoirm um Achomharc os comhair an Bhinse Luachála a chomhlánú

Cá háit is féidir liom Luacháil Inrátaithe mo réadmhaoine a aimsiú?? 

Sonraítear Luacháil Inrátaithe do réadmhaoine ar do bhille rátaí.



Tá Luacháil Inrátaithe do réadmhaoine (agus gach réadmhaoine eile sa stát) ar fáil ar líne freisin, ar Shaoráid Cuardaigh Liosta Luachála na hOifige Luachála.

Séanadh: Treoir amháin atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil thuas, agus níl sí beartaithe mar léirmhíniú críochnúil dlíthiúil ar an reachtaíocht rialaitheach ábhartha.