Hand fist bumping of a office table

Gnó

Is é ról an Údaráis Áitiúil ná Contae Chorcaí a chur chun cinn mar shuíomh mealltach do ghnólachtaí chun lonnú, fás agus forbairt ann, do dhaoine chun infheistiú ann, agus d'fhostóirí agus d'fhostaithe chun oibre agus cónaí ann.

Oibríonn Comhairle Contae Chorcaí chun tacú le gnólachtaí agus cruthú fostaíochta, i gcomhar le gníomhaireachtaí tacaíochta fiontair, fiontraithe, grúpaí pobail, agus páirtithe leasmhara eile. Trí na tionscnaimh seo a leanas a dhéanann sí sin:

Tacú le bonneagar tionsclaíoch agus tráchtála a fhorbairt i gContae Chorcaí, lena n-áirítear páirceanna gnó, suíomhanna tionsclaíocha agus aonaid ghorlainne

Obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun Corcaigh a chur chun cinn, agus easpórtálacha, trádáil, agus roinnt dea-chleachtais a éascú

Tacú lenár n-íocóirí rátaí áitiúla le réimse tionscnamh maidir le hacmhainn a mhéadú mar atá ar fáil ó na hOifigí Fiontair Áitiúla (OFA), Macroom E, agus tionscnaimh miondíola agus lár an bhaile.

Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le cúnamh deontais ó na OFAanna agus an Ciste Forbartha Geilleagair (EDF).

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le economicdevelopment@corkcoco.ie

Collage of image representing business

Oifigí Fiontair Áitiúla Chomhairle Contae Chorcaí

Feidhmíonn Oifigí Fiontair Áitiúla (OFÁnna) mar "Phointe Céadteagmhála" d'aon duine atá ag lorg eolais agus tacaíochta maidir le gnó a bhunú nó a fhás in Éirinn.

Collage of Business related images

Tionscnaimh arna tacú ag an gComhairle

A Collage Business unite Units and a Business estate entrance sign

Tailte & Aonaid Gnó

A Collage of Logos

Tionscadail comhaoinithe ag an AE

Business owner in Café

Rátaí Tráchtála

Is cáin mhaoine tráchtála áitiúil é Rátaí Tráchtála a chuireann maoiniú ar fáil i bpáirt do chláir chaiteachais Chomhairle Contae Chorcaí.