Airgeadais

Athrú Sonraí Pearsanta, Sloinne nó Seoladh

Deimhniú Cláraithe Feithicle/Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle (Feithiclí Cláraithe tar éis 1993)

Cuir tic leis an mhír ábhartha (Athrú Sloinne/Seolta) ar do Dheimhniú Cláraithe Feithicle agus seol ar aghaidh é, in éineacht leis na sonraí cearta, chuig an Aonad Cláraithe Feithiclí, An Rannóg Seirbhísí Ríomhairí do Thiománaithe agus Feithiclí, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Lár Bhaile na Sionainne, Sionainn, Contae an Chláir V14P298.  Seolfar Deimhniú Cláraithe Feithicle nua le do shonraí suas chun dáta ar ais chugat sa phost.

Sealbhóirí (Log)leabhar Cláraithe Feithiclí  (Feithiclí a Cláraíodh roimh 1993)

Má tá (Log)leabhar Cláraithe Feithiclí agat do d'fheithicil, déan na sonraí suas chun dáta a thaifeadadh sa (Log)leabhar Cláraithe agus seol ar aghaidh é chuig d'Oifig Mótarchánach áitiúil in éineacht le foirm RF111 (pdf).  Déanfar do shonraí a thabhairt suas chun dáta ar na taifid ríomhaire agus déanfar an (Log)leabhar Cláraithe a fhormhuiniú agus a sheoladh ar ais chugat.

Is féidir leat do sheoladh a athrú ar líne ag an am céanna atá gnó a bhaineann le mótarcháin á dhéanamh agat.  Ní féidir leat do sheoladh a athrú ar an teileafón nó trí ríomhphost.