Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Talamh agus Láithreáin

Tá réimse roghanna ag Comhairle Contae Chorcaí do lucht gnó atá ar thóir tailte le haghaidh forbairt gnó nó tionscalaíoch. I ndiaidh go leor blianta le heaspa suime i bhforbairt de thoradh an choir chun donais, tá borradh suntasach suime le déanaí, agus tharla roinnt díolachán dá bharr. Cuirtear fáilte roimh an bhforbairt sin agus tharla cruthú post agus tacaíocht do na comhlachtaí sin dá bharr mar aon le cruthú post tógála

Ag ár Saincheantair d'Fhás Gnó atá suite ar fud an Chontae, tá láithreáin sheirbhísithe againn atá réidh le forbairt.

Déanaimid bainistiú chomh maith ar Shaincheantair d'Fhás Gnó ag suíomhanna arna bhfuil na láithréain go léir díolta anois agus na Páirceanna forbartha go hiomlán, lena n-áirítear Páirc Thionscalaíoch Charraig Uí Leighin, Páirc Ghnó Abhainn na Cora Páirc Ghnó Mhainistir na Corann agus an Bhóthair Cheangail, Baile an Chollaigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost le do thoil chuig: economicdevelopment@corkcoco.ie nó glaoch ar 021 4285547.

Láithreán Seirbhísithe ag Saincheantair d'Fhás Gnó

Faoi láthair tá láithreáin sheirbhísithe ar fáil againn inár Saincheantair d'Fhás Gnó ag na suíomhanna seo a leanas:

  • Páirc Ghnó & Theicneolaíoch an Inbhir, Carraig Uí Leighin
  • Páirc Thionscalaíoch Chúil na nDamh, Baile Mhistéala
  • Páirc Ghnó an Scairtín, Áth Trasna
  • Páirc Ghnó Mhaigh Chromtha
  • Páirc Ghnó an Bhaile Salach, An Ráth
  • Páirc Fiontraíochta an Creagán, Cill na Mallach
  • Páirc Ghnó Chloch Mhic Shíomoin, Droichead na Bandan
  • Páirc Ghnó Dhún Mánmhaí
  • Páirc Fiontraíochta Bheanntraí