Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontraíocht

Tairseach Chliste Chorcaí

Tá clár oibre cliste á fhorbairt i gCorcaigh. Clár a chuirfidh leis na hacmhainní, gnéithe agus an taithí atá ann cheana féin sa réigiún agus a chabhróidh le Corcaigh a bheith ina 'Réigiún Cliste den Chéad Scoth'. Is tionscnamh de chuid Chomhairle Contae Chorcaí, Comhairle Cathrach Chorcaí, Ionad Taighde Nimbus agus Institiúid Náisiúnta Tyndall í Tairseach Chliste Chorcaí a bhfuil mar aidhm aige dul i gcomhairle le soláthraithe teicneolaíocht chliste, le saoránaigh agus le taighdeoirí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá os comhair na ndaoine a chónaíonn sa chontae agus sa chathair.

Is í aidhm na Tairsí Cliste ná íomhá Chorcaí a fheabhsú mar áit mhealltach le cónaí ann, le hobair ann, le cuairt a thabhairt uirthi agus le hinfheistíocht a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.corksmartgateway.ie.